|
Bhí céad agus fiche duine ag an Deireadh Seachtaine Gaeilge i Jamison le déanaí.
Is ag Dia amháin atá fhios cé mhéid duine a bheadh ann dá dtabharfaidís na treoracha
cearta amach. Chuaigh Eibhlín Rua, Clare agus mé fhéin ar strae--rud is annamh nuair
a bhíonn Clare inár dteannta. Ba chóir go mbeadh amhras orainn faoi na treoracha úd ó
thosach ó bhíodar éasca le léamh. Bhí sean treoracha ag Eibhlín ach shocraíomar
ar na cinn nua a úsáid ó bhíodar chomh soiléar san. Bhí dul amú orainn faoi dhó.
Eibhlín is túisce a thug faoi ndeara é. "Thabharfainn an leabhar," ar sí "gur ghabhamar
thart fán bhfoirgneamh san faoi dhó cheana." Stopamar agus chuireas paidir chuig
Naomh Fionnbarra. Ní raibh an t-amen as mo bhéal sul a bhfacamar gluaisteán ag
gabháil thart agus "Ná lean mise tá mé ar strae," ar a chúl. Níor thugamar aon cheann don
fhógra agus leanamar é. Is mar sin a bhaineamar Jamison amach.
Bhí slua ann romhainn, daoine nách mbacann le treoireacha don chuid is mó. Ar aghaidh
linn go Halla Dunne. Bhí Páidrigín Collum, deirfiúr le hEibhlín, romhainn sa doras.
Bhí trí huaire caite aici ag fanacht linn agus bhí a dhá taobh buailte ar a chéile
leis an ochras. Is amhlaidh a gheall Eibhlín di go mbeadh sí i Jamison go luath agus
go raghaidís amach chun greim bídh a fháil áit éigin. Bhí sí le ceangal. Déarfainn
go gcuireadh sí scian i nduine againn mura mbeadh go raibh sí ró-lag ag an ochras.
Ná tóg ón méid sin gur duine fiáin í Páidrigín. Ní headh in aon chor. De ghnáth is
duine ciúin ciallmhar í. Ach an lá so dob éigin d'Éamonn North greim barróige a
bhreith uirthi agus í a chur isteach sa charr. Chuamar faoi luas go dtí an bhialann
ba ghaire dúinn. Shochruigh sí síos arís taréis an bhéile agus níor chualamar gíog ná míog
asti ina dhiaidh sin. Chuamar ar ais go Halla Dunne.
Bhí an fear eagair féin, Liam MacGiodaire, agus a tháiniste Pádraig Mullen laistiar
de bhord mór ag fearadh fáilte roimh gach duine. Fuair chuile dhuine treoracha agus
clár pearsanta ón mbeirt. Bhí gach rud leagtha amach go cruinn acu agus ghluais
cúrsaí ar aghaidh go breá réidh gan chosc gan cheataí. Tá ár mbuíochas ag gabháil do Liam
agus Pádraig agus don fhoireann éifeachtach a chabhraíonn leo. Thángadar go luath
maidin Dé hAoine agus chuireadar chuige. Ar an bhfoireann sin tá Páidrigín Collum,
Éamon North, Deirdre MacFarland, Rath DeHoust. Ní mór dom beirt eile a lua, -- na daoine
a bhí i mbun an tsiopa leabhar Bairbre Gabrielan agus Áine Jacoby. Agus ná déanaimís
dearmad de Paul Duffy, cócaire par excellence, agus a chuid hors d'oeuvres blasta.
Chítear domhsa go bhfuil caighdean na Gaeilge ag dul in airde gach bliain. Tá líon
na scoláirí ag dul i méid freisin. Níl aon easpa múinteoirí maithe ann na laethannta
so. De réir gach tuairisce a chualas-sa i rith na deireadh seachtaine bhí na scoláirí lán sásta leis na ranganna. Ag seo ainmneacha na múinteoirí: Róislín Blyn-La Drew,
Mollaí MacCionnaigh, Prionsias Longworth, Seosamh McCloskey, Barra Ó Donnabháin,
Deirdre McFarland, Roibeárd de Búrca, Eibhlín Zurell, Sóisear Mac Cionnaigh, Seán
Tierney, Pádraig Mac Gill agus Éamon Mac Uighlín. Bhí Mollaí agus Sóisear mar is gnáth
chuile áit, eisean ina fhear a tí agus ise i mbun ceoil. Chuirfeadh Seán Tierney agus
Prionsias Longworth na cait ag gáirí lena léirín faoin bhfaoistin. Chaithfinn bliain ag éisteacht
le Pádraig Mac Gill agus a chuid filíochta.
Bhí gach duine i mo rang-sa féin líofa agus d'fhéadfaidís go léir bheit ag múineadh
ranga dá gcuid fhéin. Bhí fear ó Chiarraí ann Breandán Ua Conaill a togadh le Gaeilge.
Bhí iníon agus mac leis ina theannta agus iad ag foghlaim na teanga. Bhí Laura
Guardi agus Hilary Sweeney sa rang --- beirt a bhíonn ag múineadh Gaeilge ina gceantair
féin. Bhí mo shean chara Máire Ní Cheallaigh sa rang fara Liam agus Pádraig. Bhí
Rath de Houst agus Seán Mac Lochlainn ann. Bhí Seán díreach taréis teacht abhaile
ó Éirinn mar a raibh sé ag an Oireachtas. Is mó scéal a bhí á shuaitheadh againn. Ní minice
sinn ag trácht ar phointí gramadaí ná ar chúrsaí reatha agus diabhlaíochta. D'fhoghlaimíos
féin alán.
Ag trácht ar chaighdeán, bronnadh an Fáinne Óir ar na daoine seo: Brendan Ua Conaill,
Máire Kelly, Catriona Ní Dhochartaigh, Mallaí Uí Dhochartaigh, Pádraigín Collum,
Ceil Lucas agus Stiofán Brown. Agus an Fáinne Airgid orthu so: Peadar Martin, Deirdre
Whelan, Gobnait Humphreys, Máire Eilís Murphy agus Pádraigín McCloskey. Tréaslaímid
a ngradam dóibh.
Tá leathnach baile gleoite ag Daltaí na Gaeilge --- a bhuí sin le Donnacha Ó Cuinn,
Lúcas Kane, agus Caoimhín Ó Cléirigh. Is fiú dhaoibh féachaint air. Seo agaibh
an seoladh;-- ../daltai.htm -- . Tá Nuacht Dhaltaí
na Gaeilge leis an nGliomach Geabach Rua le feiscint faoi láthair ag --- ../news.htm.
Tá cur síos cuimsitheach ar an deireadh seachtaine ann ach ná creid focal fúmsa.
In aois seo na teilechumarsáide níl Daltaí na Gaeilge puinn chun deiridh ar aon dream. Táimíd go léir faoi chomaoin ag Liam agus na laochra timpeall
air as an obair éachtach atá á déanamh acu. Tá réabhlóid ar siúl i gcúrsaí teangan.
Bí linn.
Níl dealramh réibhlóidí ar Ethel Brogan. Carraigh ar ciall í, saoi ar eolas, í grámhar
bríomhar treorach. Blianta ó shoin bhí brionglóid aici --- eagraíocht a bhunú chun
an Ghaeilge a mhúineadh agus a scaipeadh. D'eagraigh sí an chéad Deireadh Seachtaine Gaeilge i 1981. Las sí tine atá ag dul i méid ó shoin. Ethel, go maire tú féin
agus Bill céad! É mo scél!
Le Barra Ó Donnabháin
|