|
Tá daoine ar an saol seo
agus ní bhainfeadh an diabhal an bhearna díobh ná
suíochán ar an mbus. Sé an saghas duine atá
i gceist agam ná an sórt nách bhfaighfí in
aisce riamh é de cheal seifte. Ach ní fearr rud a
dhéanfainn ná scéilín a insint dhaoibh, chun
an rud a léiriú i gceart.
Tabharfad Seán ar an bhfear sa sgéal chun aise. Is
ó mo chara Séamas a fuaireas an scéal so, agus
bhí ainm na fírinne riamh air agus ar a athair roimis.
D'athruigheas na h-ainmneacha chun na daoine ciontacha a chosaint.
Bhí Seán ag teacht abhaile ó Albany lá agus
cad a chonaic sé ar thaobh an bhothair ach crann brea
giúise tuairim is cúig throig ar aoirde. Stad sé
láithreach mar bhí gá aige lena leithéid.
Ar amharaí an tsaoil bhí sluasaid aige sa trucail agus ba
ghearr an mhoill air, clais a thocailt timpeall an chrainn. Fé
dheire le hiomad cneadaíola thóg sé an crann
aníos as an bpoll. Bhí sé ar tí an crann a
chur isteach san trucail nuair a chuala sé, " Fan mar a bhfuil
agat--- cad tá agat á dhéanamh annsan."
State Trooper a bhí ann.
D'iompaigh Seán ar an oifigeach agus dúirt go humhal, "A
dhuine uasail, chuireas an crann seo, tá cúig bliana
ó shoin, taobh amuigh de dhoras mo thighe. Bhí sé
ag éirí ro-ard agus in ionad é a chaitheamh sa
teine, cheapas gur chóir dom é a athchur fén
dtuath." "Nách bhfuil cead agam é sin a dhéamamh?"
" Diabhal dul air" arsan póilín. "Is leis an
Stáit an talamh seo agus níl cead ag éinne bheith
ag tochailt ann. " " Cuir do chrann ar ais sa trucail agus tóg
leat abhaile é." " Má fheicim-se sa cheanntar seo
arís thú, beidh daor ort." Rinne Seán rud air agus
bhuail se chun bothair. Thug sé a aghaidh ó dheas agus
crann brea giúise ag treabhadh na gaoithe taobh thiar de.
Le Barra Ó Donnabháin.
|