|
Seachtain ó shoin thángas ar shean chóip de Chomhar Eanair 1944.
Tá aiste spéisiúil ann ag Seán Ó hUrmholtaigh faoin
dteideal --- Bunughadh Daonfhlathaidheachta Aimeirioca. Cur síos gairid atá
ann ar shaol agus ar shaotharThomáis Uí Dhongáin 1633-1715. Duine
faoi leith ab ea Ó Dongáin. Rugadh i mBaile Atha Cliath é agus
thuil sé cáil dó fhéin mar shaighdiúir in arm na Fraince.
Ach is mar ghobharnóir ar Choilíneacht Nua Eabhrac 1682-1688 a chuimhneofar
air go brách. Dála an scéil ba Ghaeilgeoir é Tomás
agus bhí na Dongánaigh ana mhórálach as a chuid Gaelachais.
Ag feachaint siar is deacair dúinn anois a thuiscint cén fáth a raibh
uaslathas Éireann dílis dona Stíobhartaigh ó thosach deireadh.
"An ceangal dílseachta is géillsine a shnaidhm uaslathas Éireann leis
an ríora Stíobhhartach sa bhlian 1603, níor lagaigh ná níor
mhaolaigh air ó thús deireadh na haoise ach chuaigh i neart is i mbuaine, in
ainneoin threabhlaidí na linne, gur shroich a bhuaic le teacht Shéamais II i
gcoróin," Aisling Ghéar, Breandán Ó Buachalla. Ní
bhfuair na Gaeil mórán ón gcéad Shéamas ach mar sin
féin nuair a tháinig Séarlas I i gcoróin sa bhliain 1625, bhí
furmhór Caitliceach na Éireann ag leagadh a chéile ag cur dearbhuithe
dílseachta anonn chuige. "B'iad na dearbhuithe sin an ch´ad réaladh
poiblí ar a thoilteanaí is a fhonnmhaire a bhí uaisle Éireann
teacht chun réitigh leis an rí nua is bhain Séarlas lántairbhe
as an dílseacht gan choinníol a bhí á thairscint dó."
Aisling Ghéar (lch 67). Bhain Thomás Ó Dongáin leis an aicme uasal seo.
Bhí a athair, Sir Seán, ina bhall de Pharlaimint na hÉireann.
Talbóid an sloinne a bhí ar a mháthair agus bhí deartháir
lei, Riocárd ina Iarla ar Thír Chonaill agus duine eile acu, Peadar, ina
ard-easbog ar átha Cliath. Mar deir Ó h-Urmholtaigh "is cinnte go raibh
snaidhm fola idir iad agus clanna uaisle na nGael agus na nGall-Ghael."
Dhíol na hUí Dhongáin as a ndílseacht do Shéarlas I mar i
1649, agus Cromwell ar tí teach anall, bhailíodar leo thar lear go dtí
an Fhrainc. Bhí Tomás sé bliana dhéag ag an am. Cúpla
bliain ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i Regiment d' Irlandais. Faoi 1674 bhí
sé ina choirnéal agus ard-mheas ag na ceannairí air. Ach ní raibh
na Stíobhartaigh réidh leis fós. Sa bhliain 1678 chuir Séarlas
II scairt ar ais ar na hÉireannaigh a bhí in arm na Fraince thárla go
raibh brùon ag bruchtaíl idir Sasana agus an Fhrainc ag an am. Ní fheadar
cé mhéad díobh a tháinig ar ais ach tháinig Tomás
dílis. Ba bheag a shíl sé agus é ag fágaint na Fraince
go mbeadh sé ag troid ina gcoinne sar i bhfad sa domhan nua.
Nuair a shrois Tomás Londain thug sé cuairt ar a chara Séamas
Diúic Eábhrac deartháir leis an rí Séarlas II. Bhí
meas ag Séamas ar an Dongánach agus muinín aige as. Thairg sé
post dó Gobharnóir Nua Eabhrac. Go dtí 1664 bhí Nua Eabhrac
i seilbh na nOllandach agus thugadar New Netherland ar an gceantar. Nuair a ghabh na
Sasanaigh é bhaist Séarlas II, Nua Eabhrac ar an ngabháltas agus
bhronn sé ar Shéamas é. Bhí fadhbanna ag na Sasannaigh le
Nua Eabhrac ó thosach. Bhí dream Ollandach fós sa chathair agus
cumhacht acu. Bhí na Sasanaigh ar Inis Fhada míshásta leis an
gcóras cánach agus ag troid le muintir na cathrach. Bhí Albany ag
iomaíocht leis an gcathair i gcúrsaí gnó freisin agus fara sin
mhaireadar in imní a marbhtha de ló is d'oíche. Bhí dhá
chúis le sin na hIndiaigh agus na Francaigh. Níorbh aon Pharthas Dé
é Nua Eabhrac, na laethannta sin.
Tháinig Tomás go hInis Fhada ó Nantucket, a bhí ina chuid de NY
ag an am, agus thaistil sé fad an Oileáin go dtí an chathair. Bhí
séiplíneach ina theannta, Tomás Harvey, agus seans gurbh é
siúd a léigh an chéad aifreann ar an Oileán. Glactar leis gurbh
é a léigh an chéad aifreann riamh sa chathair san áit go
dtugtar Bowling Green anois air.
Ní nach ionadh bhí doichill ar chuid mhaith desna Nua Eabhracaigh roimhe i
dtosach. Ar an gcéad dul síos níor thaitin pápaire leo. Ach
bhí bua ag Tomás bhí sé in ann daoine a láimhseáil
agus a mhealladh. Ba dhuine macánta é freisin agus ba ghearr gur thuig na
dreamanna éagsúla go ndéanfadh an Dongánach beart de réir
a bhriathair. Chreid sé gur chóir a chothram a thabhairt do gach aon duine
idir bhán agus dhearg, Chaitliceach agus Phrotastúnach.
Ar an 17 Meán Fomhair 1683, thionól Ó Dongáin crinniú
de theachtai as gach aird den choilíneacht agus de réir staraithe airithe
b'é seo an chéad chrinniú daonlathach i stair Mheiricea go dtí sin.
An rud ba thábhachtaí a tháinig as an gcomhthionól ná
"Cairt na Saoirse agus na bPribhléidí The Charter of Libertyes and Privilages."
Is fiú é a léamh. (Féach, mar shampla, Colonial NY, Michael Kammen,
pgs 100-127.) Ag seo cúpla alt as. Deir an Chairt go bhfuil sé de cheart
ag an bpobal a dteachtaí féin a thoghadh agus nách bhfuil cead ag an
rí cáin a ghearradh ar na coilínigh gan chead ó na teachtaí.
Tugann an Chairt saoirse creidimh do Chríostaithe freisin. Maryland an t-aon
choilíneacht eile a raibh saoirse creidimh á cleachtadh inti. Caitliceach
eile "Lord Baltimore" ba chúis le sin. Cé gur ghlac Séamas Diuic
Eabhrac leis an gCairt i dtosach ar ndóigh chuir sé a ainm lei, níor
cuireadh ar ais go Meiriceá í. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, i mBealtaine
1686, agus é anois ina rí, chuir sé an Chairt faoi urghaire. Mar sin
féin ar feadh trí bliana bhí an Chairt réabhlóideach sin
i bhfeidhm.
Ba dhuine fadradharcach é Ó Dongáin. Lorg sé cearta creidimh
dona hIúdaigh chomh maith ach chuaigh na teachtaí ina choinne sa chás san.
Bhronn sé talamh ar na hIndiagh in éiric na talún a goideadh uathu.
Chuir sé talamh i leataobh do pháirceanna poiblí sna bailte móra.
Thug sé cead dona hOllanndaigh fanúint sa gcoilíneacht agus a gcuid
sealbha saolta a choimeád, ach go mbeidís dílis do Shasana. In 1688
d'ordaigh Séamas ar ais go Londain é. B'fhéidir go raibh sé
ró-fhial leis na coilínigh.
Anois níorbh aon daonlathaí é Tomás sa tsli a thuigimíd
inniu é. Cinnte bhí dealramh daonlathach ar chuid dá ghníomhartha
ach ina dhiadh sin is uile ba ríogaí cruthanta é. Ach ríogaí
macánta a chreid sa chothroime ab ea é. Chuir sé síol na saoirse
in ithir mhéith Mheiricea. Na cearta a luaitear sa Chairt agus nách bhfuair
na coilínigh i 1686, fuaireadar céad bliain níos déanai iad
le neart arm.
Le Barra Ó Donnabháin.
|