Daltai na Gaeilge

Holidays

Daltaí Shop: Featured Item:

Naomh Pádraig - The Life of St. Patrick

Níl ainm ar bith i stair na hÉireann is mó ná Pádraig MacCalprainn. Ina dhiaidh sin is uile, ní fuarist dúinn an fear féin a shamhlú na méid a chuid oibre a dhealú óna cuntaisí a ghéibhtear sa bhéaloideas agus san naomhsheanchas ar an misinéir a dhéin na míorúiltí a chuir an ruaig ar na deamhain agus ar an nathracha nimhe, agus a thug tír na hÉireann isteach i ngort na Críostaoíchta.

Ní hionadh sinn ar bheagán eolais faoi: níorbh Éireannach é (mar sin ní heol dúinn an chine gur di é), ba sclábhaí é, ba dhuine é a chaith na blianta mar mhac léinn agus mar chléireach i dtír iasachta. Ach is féidir éirim a chuid oibre a dheimhniú ó scríbhinní bunúsacha, a ghlacann na saineolaithe leo mar cháipéisí údárasacha, a tháinig chugainn ó láimh Phádraig féin - An Fhaoistin agus an Litir chun Coroticus.

Ní mar dhírbheathaisnéis a scríobh sé An Fhaoistin ach gur áiriodh sé mar bheadh dualgas air a theaspáint gurb é Dia faoi ndear dó, duine gan léinn agus gan mórán scolaíochta, an obair éactach atá déanta aige a thógáil idir lámha agus a thabhairt chun críche.

Tá fianaise sa scríbhinn sin gur rugadh i mbaile beag sa Bhreatain é, gur tógadh é agus é ina gharsún mar sclábhaí go hÉirinn mar ar chaith sé blianta ag aoireacht, gur éirigh leis éaló, gur dhéin sagart de agus gur cuireadh ag craobhscaoileadh an soiscéil in Éirinn é bliain i ndiadh bháis Palladius, misinéir a chuir an Pápa Celestine sa bhliain 431 "do na Gaeil a chreid i gCríost", agus gur bhunaigh sé an eaglais Caitiliceach in Éireann.

Na cuntaisí is luaithe atá againn ar shaol Phádraig tá siad le fáil in Leabhar Ardmacha a scríobh Ferdomhnach timpeall 800. Tá dhá leagan de bheatha Phádraig ann a scríobhadh riomh 700 le Tireachan agus le Murchú. Is ortha san atá scéal Phádraig mar atá sé againn anois bunaithe - na turasanna misinéireacha timpeall na tíre, na heaglaisí a bhunagih sé, na míoriúltaí a dhéin sé. n naoú céad i leith tá go leor "beatha Phádraig" againn, breis agus seasca aca as Laidin.

Thosach bhí conspóid ann faoi ghnéithe áirithe dá shaol: áit a bhreithe, áit a hoileadh é tar éis éaló ó Éirinn, dáta a theacht go hÉirinn, na hacta a luaitear leis, an iad a chuid acta féin iad nó an amhlaidh a meascadh acta mhisinéirí eile leo.

De réir cróineolaoíchta traidisiúnta 'siad na dataí a bhaineann le Pádraig: 432 a theacht go hÉirinn, agus 492(3) a bhás in aois 120 bliana. Sa leabhar údárasach úd Life of Patrick (1905), d'éiligh an tOllamh Bury gur sa bhliain 432 a tháinig Pádraig go hÉirinn, agus gur éag sé sa bhlian 461. Glacadh go forleathan le tuairimí Bury - na scoláirí Eoin MacNeil, Ludwig Bieler, an tAthair Riain agus go leor eile ina measc.

Ba shin mar a bhí an scéal go dtí an bhlian 1942 nuair a chuireadh ina choinne trí léacht a thug an tOllamh Tomás Rathaille - "The Two Patricks." 'Sé bun-éirim an leachta ná nach bhfuil sa Phádraig traidisiúnta ach cumasc de bheirt mhisinéirí - Palladius a tháinig sa bhlian 432 agus a bhásigh i 461, agus Patricius eile, údar an dá scríbhinn, a tháinig i ndiaidh Palladius agus a fuair bás sa bhliain 492.

Seo iad na hargóintí a luaigh Rathaille: tá trácht sna scríbhinní is luaithe atá againn ar bheirt mhisinéirí gurbh ainm dóibh Patricius (Sen Phátraic ainm duine aca); tá dhá roinn d'fhocail Laidne sa tSean-Ghaeilge - leagan amháin a tháinig ón mBreatain agus leagan eile ón Mhór Roinn; luann na hAnnalacha nach bhfuair go leor de na misinéirí a bhí comhaimseartha le Pádraig bás go dtí caoga nó seasca bliana i ndiaidh bháis Phádraig.

1942 i leith 'siad tuarimí Uí Rathaille is mó atá a bplé, agus cuid aca a mbréagnú, ag na scoláirí. Thaispeán an naomhsheanchaí Pere Grosjean nach fíor an t-ionannú a cheapann Rathaille a bheith idir Palladius agus Sen Phátraic. Ní ghlacann an tOllamh Jackson, údar Language and History in Early Britain , ná an tOllamh Christino Mohrmann, saineolaí ar an Laidin iar-chlasaicigh le breith Uí Rathaille faoi na focail Laidne atá ar iasach sa tSean-Ghaeilge.

Tá an tAthair Riain agus an tAthair F. Shaw, Coláiste na hOllscoile, Baile tha Cliath, ar thaobh an mono-Pátricius. Dar le duine aca gur dócha nach mbeadh breith ag an údar "indoctus" (mar a thugann Pádraig air féin sa bhFaoistin ) teacht i gcomharba ar Phalladius a bhí mar cheann ar an eaglais in Éirinn le tríoca bliain. 'Sé an teist is láidre aca ná teist an bhéaloideasa nach bhfuil ach Pádraig amháin ann - teist atá bunaithe, gan aon éideimhne, leis an céadta bliain. Is fiú a thabhairt faoi ndear gur sa bhlian 1961 a comóradh "Bliain Phádraig" ag eaglais na hÉireann.

Is é an tOllamh Binchy san alt úd aige i Studia Hibernica (1962) a dhéin an cíoradh is iomláine agus is suntasaí ar bheatha Phádraig agus a bhfuil scríofa ina thaobh. Dar leis nach iontaofa na foinsí a luaitear le stair an naoimh ach an Faoistín agus an Litir chun Coroticus ainneoin pé locht atá le fáil orthu de thaobh a modh scríofa - lochtanna a d'admhaigh Pádraig féin. Is ar éigin is féidir tacaíocht iomlán d'fháil sna foinsí stairiúla eile do thuairimí na scoláirí. Dar le Binchy gurb é téis Uí Rathaille an téis is fearr a réitíonn cuid de na fadhbanna a bhaineann le breith, oiliúint agus obair Phádraig. B'fhéidir nach mbeidh fuascailt gach ceiste againn choíche. Mar sin féin níl aon amhras nach ndeachaigh an naomh i bhfeidhm ar aigne na nGael ó thús staire go dtí an lá inniu. Níor mhair éinne in Éireann riamh ba mhó le rá ag clanna Gael ná éinne is fearr a thuill a ghradam.

Br. C.B. Cuinn (Iona)

Return to home page.