Clárú: |
8:30 r.n. (Seomra Zoom ar oscailt i gcomhair comhrá neamhfhoirmiúil) |
An Chéad Cheardlann: |
9:00 - 11:00 r.n. |
SOS |
11:00 r.n. - 1:00 i.n. (Seomra Zoom ar oscailt i gcomhair comhrá) |
An Dara Cheardlann: |
1:00 - 3:00 i.n. |
Teorainn Fhreastalaithe
50 Duine
Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son Múinteoirí na Gaeilge agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceardlann na Múinteoirí 2021 á reáchtáil againn ar Zoom Dé Sathairn, an 13ú Feabhra. Bhí Bernard Ó Cathmhaoil mar stiúrthóíir againn anuraidh, agus bhain 'chuile dhuine an sult go deo as a chur i láthair. Tá sceitimíní orainn go mbeidh Bernard linn aríst i mbliana, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright in Éirinn.
Bhain Bernard a Dhioplóma Iarchéime sa Bhunoideachas ó Choláiste Phádraig, Baile Átha Cliath i 2010. Tá sé ag múineadh riamh ó shin. Is duine ard-líofacht sa Ghaeilge agus ard-chumas i dteagasc trí mheán na Gaeilge é. Anois, tá sé ina cheathrú bliain ag teagasc i mbunscoil lán-Ghaeilge i gCo. Mhuineacháin. Tá an-suim aige sa timpeallacht agus is breá leis an comhsaol áitiúil nádúrtha a úsáid go minic ina chuid teagaisc.
Baineann Bernard taitneamh as a bheith ag éisteacht le is ag seinm ceoil traidisiúnta. Agus tá ról ceannaireachta aige i gclub óíige a feidhmíonn trí Gaeilge chomh maith.
Cuireann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gomhair an chláir seo. Tá líon na bhfreastalaithe teoranta ar 50 duine. Níl an costas ach $25.
Tá an cheardlann seo oiriúnach do mhúinteoirí Gaeilge (agus do mhúinteoirí fédeartha); agus beidh na seisiúin trí Ghaeilge amháin. Beidh dhá sheisiún ranga ar siúl ar aon lá amháin: an chéad rang ó 9:00 go 11:00 ar maidin agus an dara seisiún ó 1:00 - 3:00. Beidh seomra Zoom ar oscailt ar 8:30 ar maidin i gcomhair comhrá neamhfhoirmiúil. Má tá ceist teicniúil agat, beidh Donncha Ó Coinn ar fáil roimh an cheardlann le cuidiú a thabhairt duit. Beidh deis agat teagmháil a dhéanamh le Donncha thar éis clárú.
I mbliana amháin, caithfidh tú clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. De bhrí go mbeidh an cheardlann go hiomlán ar líne, ní bheidh cuirí solta trid an bpost.