Cart

Recent Posts

Admhálacha ó Ghaeilgeoir Spadhrúil

Tá sé níos mó ná daichead bliain anois ón am a chuir mé críoch leis an bhfoghlaim in Éireann. Tar éis cúig bhliain ag freastal ar scoil na Bráithre Críostaí i mBaile an Róba i gContae Maigh Eo, fuair mé bua san ardteistiméireacht. Díreach ina dhiaidh sin, cosúil le cuid is mó dena daoine óige, d’fhág mé slán ar mo thír dhúchais agus as go brách liom go Sasana.

Sular imigh mé fuair mé comhairle ó chúpla fear áitúil ar an dóigh ceart chun “exemption” mór a fháil ón gcáin i Sasana. Seo an chomhairle a thug siad dom. “Scríobh isteach i ngach foirm a líonann tú go bhfuil tú níos aosta ná atá tú. Abair go bhfuil tú pósta agus go bhfuil bean chéile agus beirt nó triúir clann agat in Éireann.” Bhí mé óg agus cheap mé go raibh siad eolach faoi rudaí mar sin.

Ghlac mé leis an chomhairle, agus ba é sin a rinne mé i mo chéad post – ag obair le “Wimpey.” Bhí orm cruthú a thabhairt don rialtas ar feadh trí mhí go raibh mé ag cuir airgead chuig mo bhean chéile. Bhí mé in ann sin a dhéanamh, agus i gceann tamall beag bhí na trí mhí istigh agus bhí mé saor ón trioblóid. Ach tharraing an bréag trioblóid eile orm. Fuair mé i lán trioblóide uaidh.

Ní raibh mé ach ocht bliain déag ag an am sin, ach dúirt mé go raibh mé trí bhliain is fiche. Cé go raibh mé chomh aosta sin agus mé níos lú ná bliain sa tír, fuair mé fógra lá amháin ón Arm Briotanach go raibh mo sheirbhís mar shaighdiúir ag teastáil uathu. Níor thaithnigh sin liom ar chor ar bith. Ní raibh seans sa domhain go ghlacfainn an cuireadh sin. Cad a bhí le déanamh agam ansin?

Scríobh mé litir chuig m’uncail i mBrooklyn agus d’inis mé an scéal go léir dó. Chuir mé in iúl dó gur mhaith liom teacht go Meiriceá agus nach raibh aon fhadhb ar bith agam dul isteach san Arm Meiriceánach. Níor chuala mé focal ó m’uncail ar feadh míosa, agus bhí imní orm nach raibh freagra ag teacht. Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig litir go dtí an teach lóistín. Ní litir ó m’uncail a bhí ann, ach ceann ó ghníomhaire taistil i Nua Eabhrac. Cad a bhí faoi iamh ach ticéad seoladh le nodaireacht go raibh sé curtha chugam ar iarratas m’uncail. Bhí ionadh an domhain orm. Bheinn ag fágáil an áit sin, buíochas le Dia, agus ag dul go Meiriceá. Slán go deo le “Wimpey” agus Mac Alpine.

Is scéal fada é mo shaol sa tír seo ón am sin; ach ón lá a chuir mé críoch leis an scrúdú ard teistiméireacht níor labhair mé focal Ghaeilge ar feadh beagnach daichead bliain. Bhí thar mo dhóthain Ghaeilge agam ar scoil, agus ní dhearna mé dearmad go deo faoin bhfaitíos a bhí orm go gclisfeadh an scrúdú Gaeilge orm. Ach, leis an aimsir tháinig athrú ar mo thuairimí faoin teanga; agus anois tá an cúrsa ar fad tugtha agam. Le trí bhliain anois tá mé ag foghlaim an teanga arís, agus tá athbheochaint ar siúl i m’intinn. Táim buíoch do a lán daoine faoin misneach a thug siad dom ar an mbealach ar ais.

Tá saol nua agam anois. Tá mé ag múineadh ranganna i gColáiste Staten Island, agus ag dul thar timpeall na h-áite chuig na deireadh seachtainí. Is deas a bheith ar ais. Má tá an Ghaeilge agatsa, ná déan an rud céanna a rinne mise. Bain úsáid aisti. Is teanga binn í.Tá saol nua ag fanacht leatsa freisin.

Le Seán Tierney