Cart

Recent Posts

B2K (Bliain 2000)

Tá bliain 2000 ag druidim linn go tapaidh. Faoi láthair tá gach dealramh ar an scéal nách le pléasc a thiocfaidh 2000 isteach ach le tuairt. Ní ghabhann lá thart nách mbíonn duine éigin ar an dteilifís ag tabhairt rabhaidh duinn faoi 2000 agus na ríomhairí. Is maith an fhaire an fhógairt deir an seanfhocal ach ar chóir duinn aird ar bith a thabhairt orthu nó an dream cladhairí iad a bhfuil clár nó agenda dá gcuid féin acu? Cinnte tá daoine den tsort san ann — ríomhchláraitheoiri atá ag iarraidh a gcuid cláracha féin a dhíol ach tá fadhb mhór againn dáiríre. Formáid sheanchaite bogearraí nó locht dearaidh más mian leat, is cúis leis agus chím-se féin achrann mór romhainn ag ceann an bhóthair.

Ait le rá tá an bhun-fhadhb sothuigthe go leor agus ní ceist í atá doiligh le réiteach. Nuair a thosuigh na ríomhchláraitheoirí ag scríobh cód go tiubh blianta ó shoin, bhí na micrishliseanna daor agus de ghrá na héifeachta choimeádar uimhreacha chomh beag agus ab fhéidir leo. Nuair a bhí gá le dáta i gclár ní úsáidfidís, go minic, ach dhá uimhir don bhliain — ní bhacfaidís leis an 19. Dob ionann 75 agus 1975 agus mar sin de. Comhaireamh ar bith a bhí le déanamh le “blianta” deineadh leis an dá uimhir dheireanacha é.

Fadhb ar bith, go dtí le déanaí. Anois tá na mílte milliún clár a bhaineann úsáid as an bhformáid seo ag feidhmiú ar fuaid an domhain. Nuair a chasfar an bhliain 2000 ar na cláracha seo cad a dhéanfaidh siad leis. Braitheann sé ar an gclár ach “ceapfaidh” cuid acu gur 1900 atá i gceist agus tuilleadh acu gur botún é. Stopfaidh cuid acu láithreach bonn agus déanfaidh cuid eile acu práiseach dá gcuid sonraí. Mar shampla má thógann tú 1999 ó 2000 geibheann tú 1, nó bliain amháin, ach má thógann tó 99 ó 00 cad a gheibheann tú, sea, 99 diúltach. Na ríomhairí bochta.

In Aibreán na bliana seo chaill trí ospidéal agus 95 clinic i mPennsylvania a líonra ríomhairí ar feadh trí lá. An fhadhb — thug rúnaí an 7ú Eanair 2000, mar choinne d’ othar éigin agus níor thuig an ríomhaire é. Bhíodar trí na chéile ar feadh trí lá gur aimsigh teicneolaí an áit sa chlár a raibh an tsnaidhm. Go moch ar maidin 31 Mí na Nollag 1996 stop muillte iarainn sa Nua-Shéalainn agus dhá uair díreach ina dhiaidh sin tharla an rud céanna sa Tasmáin. Tá difríocht dhá uair idir an dá amchrios. Ríomhchlár ba chúis leis. Is amhlaidh a dhearmad an ríomhcláraitheoir go raibh 366 lá i 1996 — bliain bhisigh ab ea í. An saghas céanna rud atá i gceist le B2K.

An bhfuil aon scor ar an snaidhm? Tá go deimhin, ach nuair a smaoiníonn tú ar na ríomhairí go léir agus na billiúin micrishlis a láimhsíonn gach rud ó ghluaisteáin agus eitleáin go dtí an TV agus an VCR, ón telefón agus an radio go dtí solathar comhachta agus leictreachais, tugann sé le fios duit an méid oibre atá le déanamh. Tá ana chuid déanta cheana féin. Tá an t-ádh linn gur thug an rialtas so na comharthaí guaise faoi ndeara tamall ó shoin. Tá an roinn Slándáil Shoisialta i bhfad chun cinn ar na ranna eile mar bhí fadhbanna acu siúd chomh fada siar leis na seascaidí i gcásanna daoine a rugadh san aois seo caite. Sna cláracha nár úsáid ach dhá fhigiúr don bhliain ní raibh aon difríocht idir 1980 agus 1880, iad araon=80. Usáideann siad na huimhreacha iomlána le blianta anuas agus tán siad 97% réidh fá choinne 2000. Ar an dtaobh eile den tslat níl an Roinn Iompair ach 21% réidh fá choinne na haoise nua. Tá an IRS i dtrioblóid freisin heh, heh, – nár imí orainn go bráth ach é.

Agus fiú dá mbeadh gach snaidhm sna SAM ceartaithe roimh 2000 — rud nách mbeidh — bheadh fadhbanna againn de bharr go bhfuilimíd ceangailte leis an chuid eile den domhan. Cé go dtuigeann daoine airithe sa rialtas cé chomh tábhtach agus chomh baolach atá an scéal tán siad cúrmach gan scaoll a chur sa phobal. Dá nglacfadh scanradh na daoine níor dhóicí rud é ná go mbeadh “rith” ar na bainc. Ní bhíonn an oiread san airgid bhoise ag na bainc — ní bhíonn ach tuairim is 11% den iomlán a luaiter leo ar láimh acu de ghnáth. Bíonn an chuid eile infheistithe acu.

Ta dreamanna daoine den bharúil go bhfuil deireadh an ‘domhain mar is eol dúinn é’ ag druidim linn agus tá cuid acu ag aistriú amach fén dtuath i bhfad ósna na cathaireacha. Creideann siad go dtiocfaidh easpa bídh agus dí, easpa leictreachais agus teileachumarsáide leis an Millenium de dheasca na ríomhairí. Tá siad lán cinnte de go mbeidh círéibeacha agus raiceanna ar na sráideanna. Nárab ea!

Ní dóigh liom go mbeidh rudaí chomh dona san ach beidh cúpla dollar sa bhreis agam im póca —- ar eagla na heagla, tás agat. Sea agus beidh cóip de mo shealbha saolta ar pháipéar agam. Idir an dá linn, má thugaim-se fán gcnoc cuirfidh mé in iúl daoibh é.

Gluais: Formáid sheanchaite bogearraí=antiquated software format. Locht dearaidh=design flaw. Micrishlis=microchip. Aon scor ar an snaidhm=any solution to the problem. Ríomhchlár nó bogearraí.=program or software. Amchrois=time zone. Comtharaí guaise=warning signs.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.