Cart

Recent Posts

Cat Cróga

Nóta: D’fhreastáil mé ar dheireadh seachtaine Gaeilge i mhí Bealtaine, 1998. Máirín Loftus an múinteoir a bhí agam. D’iarr Máirín ar an rang se’againne scéal grinn a aistriú go Gaeilge. Mollaí, Bn. Mhic Chionnaigh a d’inis an scéal seo a leanas dúinn i mBéarla; bhí orainn Gaeilge a chur air, abairt ar abairt. Cé gur saothar an ghrúpa uillig an leagan Gaeilge seo, má tá locht agat leis is orm atá an milleán.

LJ Guardi

Bhí caitiní óga ag an máthair cait seo, agus lá amháin cheap sí go raibh sé in am an saol mór a thaispeáint dóibh. Amach leo. Bhí sí ag cur bagairt orthu ar dtús, faoi a bheith cúramach: “Cuimhnigí air seo!” “Tá sé sin contuirteach!” “Ná bígí ag dul trasna an bhóthair i m’uireasa!” “Bígí le mo thaobh” agus a leithéid.

Bhí sé mar seo nó gur tháinig gadhar mór fíochmhar suas acu. Chonaic na caitíní beaga an gadhar ag teacht chucu, agus tháinig faitios orthu. D’fhéach siad i dtreo a máthair. Bhí a fhios aici go gcaithfeadh sí rud éicínt a dhéanamh faoi seo, ach a Dhia na ngrást, céard a dhéanfadh sí?

Tháinig smaoineamh aici. Shiúil sí suas go dtí an gadhar, stán sí air agus duirt “Bhuf! Bhuf!” Stán an gadhar ar ais uirthi ar feadh soicind, agus ansin, chas sé ar a chois agus d’imigh se leis.

Chuaigh an cat ar ais aríst go dtí na caitíní, agus í an-shásta léi féin. “Is maith an rud ” a deir sí leo, “a bheith dátheangach, anois is aríst!”

Le LJ Guardi