Cart

Recent Posts

Fáinne Óir Ort!

Tamall ó shoin, chuir Máire Mhic Mhuiris scairt orm ag lorg eolais faoi an bhFáinne ­ an comhartha óir sin a chaitheann cuid de lucht labhartha na Gaeilge ar a gcótaí. Ba chuimhin liom go raibh baint éigin ag Piaras Ó Béaslaí leis, agus cheapas go raibh sé i bpriosún i Sasana, taréis Éirí Amach na Cásca 1916, nuair a smaoinigh sé ar an bhFáinne mar chomhartha labhartha na teanga. Bhí dul amú orm. Bhí baint aige leis an bhFáinne ceart go leor ach fágfad faoi Phiaras féin an scéal a insint ar ball, thíos. Nollaig Ó Gadhra, cé eile, a d’aimsigh an píosa seo dhom agus táim ana bhuíoch de as. Ach ar dtús cúpla focal faoi Phiaras.

Rugadh i Learpholl Sasana é in 1881 agus fuair sé bás i mBaile Atha Cliath i 1965. Iriseoir ab ea é i Londain i dtosach agus tháinig sé go Baile Atha Cliath i 1904, mar ar oibrigh sé mar iriseoir freisin. Ó 1911 amach thug sé é fhéin idir anam is chorp do chúis na Gaeilge agus na saoirse. Chreid sé gurbh arm í an teanga san troid ar son na saoirse agus ba uaidh a fuair Pádraig Mac Piarais an rosc catha ” Éire Saor agus Éire Gaelach.” Ba ghléas cogaidh é an peann agus é lán chomh cumhachtach leis an ngunna, dar leis. Ba leas-cheannaire é ar Fheadhan 1 des na hÓglaigh i mBaile Atha Cliath i 1916. Gabhadh é faoi dhó agus d’éaluigh sé faoi dhó. Bhí sé ina Cheannaire Bolscaireachta ag an IRA i rith Chogadh na Saoirse.

Toghadh é mar TD ó Chiarraí Thoir i 1918. Bhí sé ina Ghinerál in Arm an tSaor Stáit ar fead tamaill. D’éirigh sé as an Dáil i 1923 agus as an Arm i 1924 chun a shaol a chaitheamh le scríobhnóireacht. Scríobh sé beathaisnéis Mhíchíl Uí Choileáin. Ar na leabhair i nGaeilge a scríobh sé tá ­ Fear na Milliún Púnt, BAC 1915; Bealtaine 1916 agus Dánta eile, BAC 1920; Astronár, BAC 1928; An Danar, BAC, 1929;:Éigse nua-Ghaeilge, BAC, 1933-34; An Fear Fograidheachta, BAC,1938; Earc agus Aine agus Scéalta eile, BAC, 1946. Agus anois seo dhaoibh scéal an Fháinne i bhfocail Phiarais ( ó Iris an Fháinne, Lúnasa 1922).

“I ngeimhreadh na bliana 1915, bhí droch-dheallramh ar obair na Gaeilge ­ agus ar gach rud a bhain le náisiúntacht. Bhí an Conradh go lag agus gannachúis airgid ag goilliúint air. Bhí alán desna Gaeilibh dob fhearr sáite i n-obair na n-Óglach agus dearmad dá dhéanamh acu le labhairt na Gaeilge. Bhí mí-mhisneach ag teacht ar alán de lucht na Gaeilge.

Lena linn sin do ráinig dom aiste scríobhadh don Leader ag moladh do Ghaeilgeoiríbh cumann a chur ar bun de dhaoine a bheadh fé mhóid sholamhanta gan ach Gaeilge a labhairt ar ócáidí áirithe nó le Gaeilgeoiríbh eile, agus comhartha soiléir a bheith le caitheamh acu. Bhrathas gur ghá rud éigin den tsort son a dhéanamh.

Do scríobh daoine eile litreacha i gcomhair an Leader, cuid acu ag moladh an phlean agus cuid acu ag cur ina choinnibh. Do mhol Liam Ó Rinn go mór é agus thug cabhair dom. Ansan tháinig Tadhg Ó Sganaill agus Colm Ó Murchú chugam agus d’iarradar orm tionól a thabhairt le chéile d’fhonn an chomhairle a chur i bhfeidhm. An bheirt sin do thionnscain an obair ar fad. Chuas chun cainnte le “Cú Uladh” agus do mhol seisean an plean go mór agus do gheall cabhair agus cúnamh dúinn.

Do shocraíomar ar tinól a bheith againn i gCraoibh an Chéitinnigh lá éigin in Earrach na bliana 1916 — ní cuimhin liom an dáta. Chuamar go dtí an Ard-Chraobh ar dtús, an oíche úd mar bhí “seanchus” ar siúl ag Gaeilgeoirí na hArd Chraoibhe agus do chuireamar ár bplean féna mbráid. Thánadar go léir inár dteannta go dtí Craobh an Chéitinnigh. Bhí “Cú Uladh” ann romhainn. Do cuireadh an tionól ar siúl agus do cinneadh ar an gcumann do bhunú.

Do mhol Colm Ó Murchú dhúinn “An Fáinne Gaelach” a thabhairt air. Ghlac an tionól leis an bhFáinne ach d’fhágadar an chuid eile den teideal ar lár. Ceapadh Comhaltas chun an obair a chur i dtreó. B’é céad chúram a cuireadh ar an gComhaltas ná comhartha a cheapadh i gcomhair an Fháinne.

Is dóigh liom gurbh é Tadhg Ó Sganaill a chéad chuimhnigh ar an “Fáinne” a bheith mar chomhartha againn. Inspioráid ab ea é. Samhluíonn alán daoine gur ceapadh an comhartha ar dtús agus teideal an chumainn ina dhiaidh; ach ní mar sin do bhí. D’fhás an comhartha as an dteideal; agus nuair a cheap Colm Ó Murchú an teideal ní raibh aon chuimhneamh againn ar an gcomhartha.

Is ar éigin a bhí tosaithe ar obair an Fháinne nuair a tháinig “Seachtain na Cásga” agus sciobadh chun siúil cuid den dream beag a bhí ag baint leis; ach do leanadh den obair, agus tá fhios ag an saol connas mar éirigh leis ó shoin.”

Bhuel sin agaibh an scéal ó bhéal an chapaill mar a déarfá. Fáinní móra a bhíod ann i dtosach ach tamall de bhlianta ó shoin chromadar ar chinn bheaga a chur amach ina n-ionad. Bhuel tá an ceann mór le fáil arís. Má tá eolas nó Fáinne uait scríobh chuig: Pádraig Ó Mathúna, 98-99 An Phríomhshráid, Caiseal Mumhan, Co. Thiobraid Arann. nó ­ An Fáinne Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Atha Cliath 2. Bláth na bliana oraibh!

Le Barra Ó Donnabháin


NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.