Cart

Recent Posts

Na Cártaí. Déan Amach Iad.

Ní fiú deich triuf é adeirtear faoi rud gan mhaith. Chun an abairt sin a thuiscint ní mór duit eolas bheith agat ar na cártaí. Is chuige sin a bhfuilim-se san alt seo. Iarradh orm píosa beag a scríobh de bharr go bhfuil suim nua á cur sna cártaí le déanaí.

Tá ceithre shaghas cártaí nó cheithre dhath mar ghlaotar ortha: hart, hairt, muileata, muileataí, (nó muilead, muileada), spéireata, spéireataí, triuf, triufanna (-sacha). “Déan na cártaí,” deirtear nó “Is leat déanamh,” i gConamara, chun an cluiche a thosnú. Is ionann na cártaí a “dhéanamh” agus iad a chur i gcarn, iad a shuathadh, iad a ghearradh (“baintear díobh,” nó “gearr dhíobh,” deirtear), agus iad a roinnt amach. “Cé leis an roinnt?” deirtear i gCúige Uladh, agus ranntar na cártaí. Dáiltear amach iad sa Mhumhain. Iompuítear an cárta ar uachtar an phaca agus tugtar an “mámh cinn” nó “mádh cinn” ar an gcárta seo. Is mámh (iolra=máimh nó máite) gach cárta leis an dath sin. Drámh a thugtar ar gach cárta eile. “Mura a leaga tú an mámh leag mada maith drámh,” abairt eile a bhíodh acu. An té go bhuil aon an mháimh aige is féidir leis an mámh cinn a ghlacadh chuige féin ina ghlaic ach ceann a dhíol as. Nuair a leagan duine mámh caitheann gach éinne an ” dath a imirt,” sé sin mámh as a láimh féin a leagadh. Dá mbeadh cárta de dhath an mháimh ag duine agus gan a imirt bheadh sé ag ceilt. Deirtear faoí gur ” lom sé an mámh.” Déarfadh duine nách raibh mámh aige nách raibh leagan an mháimh aige. Ní raibh a dhath aige.

Sa chluiche Cúig is Fiche (Cúig Fichead) sé an Cíoná (Cíonán, Cíonáth, na méir) sé sin an cúig, an mámh is láidre. Ina dhiaidh sin tagann an Cuireata (Cuileat) agus ansin an t-Aon Hairt. Taréis an chárta sin tagann aon an mháimh, agus ansan an rí agus an bhanríon. Anois, bhfuil sibh réidh? Téimís siar caoga bliain go tigh Mháirtín i Rann na Feiriste áit a bhfuil cluiche cúigh is fiche ar tí tosnú.

“Cé leis an roinnt?” “Le Séimí anseo.” Rann Séimí iad agus tiontaigh muileat. “Goidé rud é, Shéimí?” “Muileat.” “Muileat an mámh, is maith an drámh an sruth (=triuf).” D’imir Micí Óg. “Sílim go ligfidh mé sin thart,” arsa an Cearrbhach. Chuir Pádraig Airt an rí air. “Goide a rinne tú a uascáin?” “Bhí mé ‘gheall ar cur isteach chuig Séimí,” ar sé. “Is deas do chur isteach, —– ” anois tá titim láimhe aige agus má tá aon dath ar chor ar bith aige tá an chéad chúig leis.” “Seo, a Shéimí,” arsa an Cearrbhach, ” bíodh lámh do ranna (“dealer’s trick”) agat.” Fuair Séimí sin leis an dó muileat.

An chéad uair a rann an Cearrbhach iad, thiontaigh sé aon. Thóg sé an carda cinn, ghlan sé a lámh, fuair lámh a ranna le drámh, tháinig chun cláir le cuileat, agus chuir an cluiche as cúl doirn.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.

 

NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.