Cart

Recent Posts

Oíche na Gaoithe Móire

Míle is ocht de chéadaibh naoi gus trí dhe dhéagaibh,
Sin é dáta an téarma go dtí ‘s nuige lá den mhí,
Ó rugadh Críost ó Mháire i mBeithlehem sa stábla,
Gur éirigh an ghaoth in áirde ag leath uair taréis a thrí.

Is mar sin a chríochnaigh “Mícheál a Búrc” an dán fada a scríobh sé faoi Oíche na Gaoithe Móire. Má chuireann tú an chéad dá line sa dán leis an véarsa sin, tá an uair, an dáta agus an bhliain agat. “Beidh oíche chinn an dá lá dhéag, i gcuimhne ghrinn go héag; Óir is iomaí duine d’éag, a mbailtibh a muir isa dtír.” Ní dóigh liom go ndearna éinne, a raibh aois na céille aige an oíche úd, dearmad de 6/7 Eanair, 1839. Focal ar dtús ar údar an dáin.

Rugadh Mícheál a Búrc timpeall na bliana 1800, i mBriosc Co. na Gaillmhe. Cuireadh oideachas maith air eolas aige ar Ghaeilge, Béalra, Laidin agus Gréigis. Chaith sé tamall ina mhúinteoir in Eisir sul ar thug sé a aghaidh ar Mheiriceá. Fuair sé bás i Brooklyn NY, 6 Eanair 1881. Scríobh sé an píosa díreach taréis na stoirme agus bhí a ainm in airde ar fuaid an cheantair dá bharr. Ta an dán agus cur síos beag ar Mhícheál le fáil san Gael, April 1899. Má tá tuilleadh eolais uait féach The Night of the Big Wind in Mayo, le Gerard M Delaney, agus The Big Wind, le Peter Carr. Tráthnóna Dé Sathairn, 5 Eanair 1839, thit sneachta trom ar fuaid na tíre. An mhaidin dar gcionn tháinig ciunas neamhghnáthach ar an dtír agus thosnuigh an teocht ag ardú. Ní fada go raibh sí píosa maith ós meán. Leáigh an sneachta go tapaidh — i ngan fhios do chách bhí lagbhrú doimhin á chruthú lastuaidh de Éirinn, agus bhí an ghloine ag tuar stoirme fá a trí a chlog um thráthnóna. De réir mar a dhruid an t-éadan te siar, tháinig éadan fuar ina dhiaidh le gaoth ard agus báisteach throm. I ndiaidh a chéile neartaigh ar an ngaoth. D’éirigh sé níos fuaire. Bhí idir bháisteach agus fhlicsneachta ag titim.

Fá naoi a chlog, i Muigh Eo, bhí neart gála faoi na roisteacha móra gaoithe agus iad ag dul i dtreise i gcónaí. Fá mheán oíche bhí neart hairicín fúthu agus d’fhanadar mar sin go dtí a chúig ar maidin, nuair a d’íslíodar arís go neart gála. Fhaid a bhí an hairicín ag séideadh níor fhan an ghaoth socair ach ag athrú ó am go ham, — ó aniar aneas go dtí aniar agus aniar aduaigh. Lean na gálaí go dtí a sé a chlog tráthnóna Dé Luain.

Níor tháinig aon áit sa tír saor ón stoirm. Maraíodh breis is céad duine. Fágadh na céadta ar leath láimh nó leath chois de dheasca timpistí. Ní luaitear na daoine a fuair bás níos déanaí ón bhfuacht agus easpa cúraim. Leagadh agus scriosadh na céadta míle tigh idir bhotháin agus chaisleáin agus dódh mórán diobh. Dob amhlaidh nuair a bhainfeadh an ghaoth an ceann tuí de thigh, go dtuitfeadh cuid de isteach agus go raghfadh sé tré thine. Chuir an scanradh neart daoine amach as na tithe agus d’fhanadar ar thaobh claí go raibh an stoirm thart. D’fhág an ghaoth, an fuacht, agus an fliuchras go leor daoine breoite, na daoine aosta ach go hairithe.

Tugadh uisce, feamainn agus fiú éisc, i bhfad i dtír leis an ngaoth, agus d’fhan baladh an tsalainn ar na tithe go ceann míosa. Leagadh furmhór na gcrann sa tír dúirt tiarna talún amháin, i Muigh Eo, gur chaill sé 70,000 crann ba chuma leis na daoine bochta. Níor fágadh fiú ceann des na crainn bhreá leamháin i bPáirc an Fhionnuisce ina sheasamh. Díscíodh furmhór na n-éan agus na cinn a bhí fágtha ní raibh aon áit acu le neadú. Maraíodh beithígh agus capaill agus sciobadh an féar agus an sop chun siúil ón iothlainn.

Ní raibh a leithéid de rud agus árachas ann ag an am. Ní hé sin amháin, ach dá mbeadh gá le deisiúcháin ar thigh an tiarna talún, bhí sé de dhualgas ar na bochtáin íoch astu. Ach is olc an ghaoth nách seideann maitheas do dhuine éigin. Bhí raidhse oibre ag na siúinéirí, na saoir agus na díonadóirí agus is dóca na dlídeoirí.

I 1909 shocraigh an rialtas ar phinsean a thabhairt do dhaoine ós cionn deich mbliana agus trí fichid. Anois bhí go leor daoine nách raibh teastas beireatais acu. Go minic ghlacfadh na húdaráis le fianaise shochreidte eile — abair dá mbeadh duine in ann cur síos beacht a dhéanamh ar eachtraí Oíche na Gaoithe Móire. Ní raibh easpa seanchaithe riamh in Éirinn. D’éirigh le go leor acu pinsean brea, £13 sa bhliain, a fháil de dheasca na hoíche uafásaí sin.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.