Cart

Recent Posts

Rós agus Dealg

“Scaoil de, a Bharra, scaoil de, a chara,” arsa Stiofán. “Ná bac a thuilleadh leis, tá sé thart, imithe, ar shiúl.” “Bhíos féin ann, agus tuigim do phian, ná caith do shaol ag iarraidh díoltas a bhaint amach.” “Ba lúbairí iad na poiliteoirí riamh agus níl tusa ná éinne eile chun é sin a athrú.” “Táim-se chun tabhairt faoi, a Stiofáin,” arsa mise, “agus cuirfead faoi bhráid na cúirte é, más gá.” “Ní bhead-sa im’ cheap magaidh acu as so amach.” Comórtas Rós Jameson a bhí taobh thiar den chomhrá sin – seo mar a thárla.

Tráthnóna Dé hAoine cúpla seachtain ó shoin, thug Eibhlín Zurell, Clare Curtin agus mé fhéin ár n-aghaidh ar Jameson, PA, áit a mbíonn Deireadh Seachtaine Gaeilge ag Daltaí na Gaeilge i dtosach na Samhna gach bliain. De ghnáth nuair a théann Eilín agus mise ar thuras i dteannta a chéile titeann an tóin as an spéir. Dá mbeadh an bheirt againn ag na hIndiaigh Rua ní bheadh gá acu riamh le “damhsa na báistí.” Ar aon nós ar an mbóthar dúinn tharraing Eibhlín anuas Comórtas an Róis agus dúirt sí go mbeadh an seans agam-sa i mbliana. Dúirt sí go rabhas óg (taobh le Methuselah), tanaí (taobh le Zeppelin), ard-nósach agus bhí rud amháin eile, oh sea, — umhal. Níor ghá, dar léi ach an focal a scaipeadh agus bheadh an choróin agam.

Bhí céad agus sé dhuine dhéag ann romhainn. Grá don teanga a thug ann iad cé go ndúirt duine amháin liom gurbh é an bia a mheall é féin. Thosnuigh na ranganna maidin Dé Sathairn. Oíche Dé Sathairn sea bhí “Comórtas an Róis” againn. Ní mór dom cúpla rud a mhíniú anso. Ciste rúnda a thoghann an Rós gach bliain. Cheapfá ón teideal gur bhean a bheadh i gceist ach níor toghadh ach bean amháin don phost ó cuireadh tús leis. Agus, éist le seo, dúirt bean liom go ndúirt bean léi gur mná ar fad atá ar an gcoiste – agus banríon orthu darb ainm Marian. Fear amháin ag cabhrú leo —- Seán Tierney. (níor mhór duit bheith ann) Anois! Ach tá mé ar fán.

Toghadh Rós Nua i mbliana — Muiris Saunders. Ghlac Muiris an choróin ó Rós na bliana seo caite, Stiofán Brown. Ní raibh aon fhonn ar Stiofán scaradh leis an gcoróin agus ar ghaibh leí – an taisteal, na gúnaí, na seódanna, na ceamaraí, 7rl. Cé go rabhas féin san iomaíocht agus dúil agam sa phost, bhíos lán sásta leis an gcinneadh ar dtús. Bhí gréim barróige agam ar Stiofán ag tabhairt sóláis dó nuair a chuir an duine áirithe seo cogar im chluais. “Bheadh an cluiche agat dá dtabharfá $50 dóibh in ionad an $25 a thugais.”

Ba dhóbair dom titim. Cheapas gur táille iontrála a bhí sa $25, ach ba bhreab í. Séard a bhí á rá ag mo dhuine — nár ghá dhom ach an crúibín cam a thabhairt dóibh agus go mbeadh an choróin agam. Níl rud ar bith agam i gcoinne breabanna – nách nglacann na poiliteoirí is fearr iad? – ach gan é a chur in iúl dúinn go léir go raibh an córas sin i bhfeidhm. Gur bhraith an toghchán ar na breabanna. Cothram na féine, mar dhea. Beidh daor orthu más féidir liom é a chrothú. Tá cumann rúnda ag obair ar mo shon – Cumann 37. Táthar chucu.

Ní thógaim-se ar Mhuiris gur bhuaigh sé an cluiche, ná fiú gur dhíol sé as. Deir Elsie go dtugann sé an leabhar nár íoch sé pingin as, gur phaidreacha a thug an bua dó. Ní fheadar. Ainneoin sin is uile geallaim-se ó chroí duit, a Mhuiris, go mbead-sa taobh thiar díot go deireadh do réime.

Ar eagla go gcreidfeadh éinne an méid sin thuas, dearbhaím anso nách bhfuil ann ach greann. Chun na fíreanna a rá, tá rudaí i bhfad níos measa déanta ag cuid acu ach níor rugadh orthu fós. Anois chun sibh a thabhairt ar ais go dtí an saol réadach ag seo síos scéilín brea fíor:

Bhí saor ag deisiú falla lá in Iarthar Chorcaí, agus thit an falla air. Bhí sé ansin agus cloch mhór anuas air gur tháinig saor eile an treó. A thúisce a chuala sé ag teacht é thosnuigh sé ag glaoch “Saor mé, saor mé.” “Saor isea mise freisin,” arsan tarna fear agus lean sé air, an bóthar soir. Dáiríre, bhí deireadh seachtaine iontach againn agus bhí na ranganna ar fheabhas. Bhí dhá rang déag ar siúl – rud éigin do chuile dhuine. Ag seo síos ainmneacha na múinteoirí: Uaitéar Stock, Máirín Stock, Seosamh Mc Closkey, Sóisear Mac Cionnaigh, Mollaí Mac Cionnaigh, Pádraig Mac Gill, Éamonn Uighlín, Seán Ó Tierney, Prionsiasín Longworth, Deirdre Mc Farland, Roibéard de Búrca, Eibhlín Zurell agus bhí rang ag Una Mc Gillicuddy agus mé féin. Bhí Marian Lawlor i mbun ceoil.

Rinne Liam Guidry agus Pádraig Mullen, Éamonn agus Pádraigín sár obair agus bhí Ethel Brogan ina carraig le ciall mar is gnáth. Is beag a shíl Ethel nuair a bhunaigh sí Daltaí na Gaeilge i 1981 go mbeadh toradh iontach mar seo ar a cuid oibre. Tá leathnach baile ag Daltaí anois, a bhuíochas san do Lúcas Kane, Kevin Clarke agus Liam Guidry. (https:// www.monmouth.com/~daltai/). Tá scéalta, stair, féilire, gramadach, sean-fhocail agus go leor eile le feiscint ann. Tabhair cuairt air.

Le Barra Ó Donnabháin

 

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.

 

NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.