Cart

Recent Posts

Siúl Liom Féin

Tráthnóna inné agus mé ag spaisteoireacht thart timpeall an cheantair chuaigh mé anonn go Macaire Rabhairte, áit a dtéim go minic. Ba ghnách liom siúl ar an trá ach tráthnóna inné d’aithrigh mé é sin. Shiúl mé isteach i lár na ndumhcha. Seo uair amháin a bhí an ceart agam. Is deas siúl ar an trá féin ach tráthnóna inné, an chéad rud a chonaic mé agus mé go fóill istigh sa ghluaisteán, ná péire lachan thíos fúm ar an fheamainn ag ithe — péire seil-lachan. Sin lacha chomh dóighiúil le lacha ar bith eile ar domhan. D’fhan mé píosa ansin ag amharc orthu. Nuair a d’éirigh siad san aer tháinig mé amach as an ghluaisteán. Bhí an tráthnóna chomh deas is a thiocfadh leis bheith. Gaoth fhionnuar agus spéir ghlan ann. Ní raibh duine ar bith le feiceáil ar an trá.

Ansin ar an bhomaite shocraigh mé siúl isteach i lár na ndumhcha in áit na trá. Thosaigh mé agus ní raibh mé i bhfad istigh nuair a bhí fhios agam gur cheart an cinneadh a rinne mé. An radharc a bhí romham ní fheicfeá ait ar bith eile é. Na dathanna a bhí ann, corcra, dearg, bándearg, bán, buí, glas, donn agus gach dath eile atá ar an domhan. Ní fhaca mise rud ar bith cosúil leis ariamh i mo shaol féin. Cúpla lá roimhe sin bhí mé ag caint le m’uncail agus ag gearán nár chuala mé an fhuiseóg ag canadh leis na blianta.

Bhuel, ní chreidfeá ach ní amháin gur chuala mé ach chonaic mé é ag éirí suas sa spéir, ag ardú is ag ardú go dtí nách raibh sé le feiceáil ach é ag canadh an t-am ar fad. Ansin ar an bhomaite thit sé as an spéir chomh gasta le cloch.

Ag siúl ar aghaidh liom ansin chonaic mé bumbóg ag crinniú pailine ón seamar agus na bláthanna eile a bhí chomh fairsing amuigh ansin sa chaorán. Páirc amháin agus í clúdaithe le nóiníní, é bán ar fad le dath corcra measctha isteach ann. Bhí seilidí ann cuid acu le blaoscanna orthu. Fáinleóga ar lorg na míoltóga, an bhumbóg ag obair leis an t-am ar fad.

Ní raibh mé buartha mar shiúl mé mé isteach i lár na ndumhcha in áit mo ghnáth-shiúl ar an trá. Sílim go racaidh mé an bealach sin arís le cuidiú Dé. Thaitin sé chomh mór sin liom. Táim cinnte go bhfuil i bhfad níos mó rudaí le feiceáil agus le cluinstin chomh maith. Mar a deireann siad, tá sé in am dúinn stopadh agus na bláthanna a bholadh. Déan é uair éigin agus bainfidh tú sult as, táim cinnte de sin.<

Le Tomás (Sóisear) Mac Cionnaigh.