Cart

Recent Posts

Tomas Ó Dongáin

Seachtain ó shoin thángas ar shean chóip de Chomhar Eanair 1944. Tá aiste spéisiúil ann ag Seán Ó hUrmholtaigh faoin dteideal — Bunughadh Daonfhlathaidheachta Aimeirioca. Cur síos gairid atá ann ar shaol agus ar shaotharThomáis Uí Dhongáin 1633-1715. Duine faoi leith ab ea Ó Dongáin. Rugadh i mBaile Atha Cliath é agus thuil sé cáil dó fhéin mar shaighdiúir in arm na Fraince. Ach is mar ghobharnóir ar Choilíneacht Nua Eabhrac 1682-1688 a chuimhneofar air go brách. Dála an scéil ba Ghaeilgeoir é Tomás agus bhí na Dongánaigh ana mhórálach as a chuid Gaelachais.

Ag feachaint siar is deacair dúinn anois a thuiscint cén fáth a raibh uaslathas Éireann dílis dona Stíobhartaigh ó thosach deireadh. “An ceangal dílseachta is géillsine a shnaidhm uaslathas Éireann leis an ríora Stíobhhartach sa bhlian 1603, níor lagaigh ná níor mhaolaigh air ó thús deireadh na haoise ach chuaigh i neart is i mbuaine, in ainneoin threabhlaidí na linne, gur shroich a bhuaic le teacht Shéamais II i gcoróin,” Aisling Ghéar, Breandán Ó Buachalla. Ní bhfuair na Gaeil mórán ón gcéad Shéamas ach mar sin féin nuair a tháinig Séarlas I i gcoróin sa bhliain 1625, bhí furmhór Caitliceach na Éireann ag leagadh a chéile ag cur dearbhuithe dílseachta anonn chuige. “B’iad na dearbhuithe sin an ch´ad réaladh poiblí ar a thoilteanaí is a fhonnmhaire a bhí uaisle Éireann teacht chun réitigh leis an rí nua is bhain Séarlas lántairbhe as an dílseacht gan choinníol a bhí á thairscint dó.” Aisling Ghéar (lch 67). Bhain Thomás Ó Dongáin leis an aicme uasal seo.

Bhí a athair, Sir Seán, ina bhall de Pharlaimint na hÉireann. Talbóid an sloinne a bhí ar a mháthair agus bhí deartháir lei, Riocárd ina Iarla ar Thír Chonaill agus duine eile acu, Peadar, ina ard-easbog ar átha Cliath. Mar deir Ó h-Urmholtaigh “is cinnte go raibh snaidhm fola idir iad agus clanna uaisle na nGael agus na nGall-Ghael.”

Dhíol na hUí Dhongáin as a ndílseacht do Shéarlas I mar i 1649, agus Cromwell ar tí teach anall, bhailíodar leo thar lear go dtí an Fhrainc. Bhí Tomás sé bliana dhéag ag an am. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i Regiment d’ Irlandais. Faoi 1674 bhí sé ina choirnéal agus ard-mheas ag na ceannairí air. Ach ní raibh na Stíobhartaigh réidh leis fós. Sa bhliain 1678 chuir Séarlas II scairt ar ais ar na hÉireannaigh a bhí in arm na Fraince thárla go raibh bruÌon ag bruchtaíl idir Sasana agus an Fhrainc ag an am. Ní fheadar cé mhéad díobh a tháinig ar ais ach tháinig Tomás dílis. Ba bheag a shíl sé agus é ag fágaint na Fraince go mbeadh sé ag troid ina gcoinne sar i bhfad sa domhan nua.

Nuair a shrois Tomás Londain thug sé cuairt ar a chara Séamas Diúic Eábhrac deartháir leis an rí Séarlas II. Bhí meas ag Séamas ar an Dongánach agus muinín aige as. Thairg sé post dó Gobharnóir Nua Eabhrac. Go dtí 1664 bhí Nua Eabhrac i seilbh na nOllandach agus thugadar New Netherland ar an gceantar. Nuair a ghabh na Sasanaigh é bhaist Séarlas II, Nua Eabhrac ar an ngabháltas agus bhronn sé ar Shéamas é. Bhí fadhbanna ag na Sasannaigh le Nua Eabhrac ó thosach. Bhí dream Ollandach fós sa chathair agus cumhacht acu. Bhí na Sasanaigh ar Inis Fhada míshásta leis an gcóras cánach agus ag troid le muintir na cathrach. Bhí Albany ag iomaíocht leis an gcathair i gcúrsaí gnó freisin agus fara sin mhaireadar in imní a marbhtha de ló is d’oíche. Bhí dhá chúis le sin na hIndiaigh agus na Francaigh. Níorbh aon Pharthas Dé é Nua Eabhrac, na laethannta sin.

Tháinig Tomás go hInis Fhada ó Nantucket, a bhí ina chuid de NY ag an am, agus thaistil sé fad an Oileáin go dtí an chathair. Bhí séiplíneach ina theannta, Tomás Harvey, agus seans gurbh é siúd a léigh an chéad aifreann ar an Oileán. Glactar leis gurbh é a léigh an chéad aifreann riamh sa chathair san áit go dtugtar Bowling Green anois air.

Ní nach ionadh bhí doichill ar chuid mhaith desna Nua Eabhracaigh roimhe i dtosach. Ar an gcéad dul síos níor thaitin pápaire leo. Ach bhí bua ag Tomás bhí sé in ann daoine a láimhseáil agus a mhealladh. Ba dhuine macánta é freisin agus ba ghearr gur thuig na dreamanna éagsúla go ndéanfadh an Dongánach beart de réir a bhriathair. Chreid sé gur chóir a chothram a thabhairt do gach aon duine idir bhán agus dhearg, Chaitliceach agus Phrotastúnach.

Ar an 17 Meán Fomhair 1683, thionól Ó Dongáin crinniú de theachtai as gach aird den choilíneacht agus de réir staraithe airithe b’é seo an chéad chrinniú daonlathach i stair Mheiricea go dtí sin. An rud ba thábhachtaí a tháinig as an gcomhthionól ná “Cairt na Saoirse agus na bPribhléidí The Charter of Libertyes and Privilages.” Is fiú é a léamh. (Féach, mar shampla, Colonial NY, Michael Kammen, pgs 100-127.) Ag seo cúpla alt as. Deir an Chairt go bhfuil sé de cheart ag an bpobal a dteachtaí féin a thoghadh agus nách bhfuil cead ag an rí cáin a ghearradh ar na coilínigh gan chead ó na teachtaí. Tugann an Chairt saoirse creidimh do Chríostaithe freisin. Maryland an t-aon choilíneacht eile a raibh saoirse creidimh á cleachtadh inti. Caitliceach eile “Lord Baltimore” ba chúis le sin. Cé gur ghlac Séamas Diuic Eabhrac leis an gCairt i dtosach ar ndóigh chuir sé a ainm lei, níor cuireadh ar ais go Meiriceá í. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, i mBealtaine 1686, agus é anois ina rí, chuir sé an Chairt faoi urghaire. Mar sin féin ar feadh trí bliana bhí an Chairt réabhlóideach sin i bhfeidhm.

Ba dhuine fadradharcach é Ó Dongáin. Lorg sé cearta creidimh dona hIúdaigh chomh maith ach chuaigh na teachtaí ina choinne sa chás san. Bhronn sé talamh ar na hIndiagh in éiric na talún a goideadh uathu. Chuir sé talamh i leataobh do pháirceanna poiblí sna bailte móra. Thug sé cead dona hOllanndaigh fanúint sa gcoilíneacht agus a gcuid sealbha saolta a choimeád, ach go mbeidís dílis do Shasana. In 1688 d’ordaigh Séamas ar ais go Londain é. B’fhéidir go raibh sé ró-fhial leis na coilínigh.

Anois níorbh aon daonlathaí é Tomás sa tsli a thuigimíd inniu é. Cinnte bhí dealramh daonlathach ar chuid dá ghníomhartha ach ina dhiadh sin is uile ba ríogaí cruthanta é. Ach ríogaí macánta a chreid sa chothroime ab ea é. Chuir sé síol na saoirse in ithir mhéith Mheiricea. Na cearta a luaitear sa Chairt agus nách bhfuair na coilínigh i 1686, fuaireadar céad bliain níos déanai iad le neart arm.

Le Barra Ó Donnabháin

NÓTA:  Scríobh Barra Ó Donnabháin breis is 300 alt dhon “Irish Echo” agus roghnaigh sé fhéin 32 dhíobh dhon leabhar “Súil Siar”.  Bhí an leabhar sin aistrithe is curtha in eagar ag a chairde, Hilary Mhic Shuibhne agus Eibhlín Zurell.  Má’s maith leat tuilleadh scéalta ó Bharra a léamh (Le haistriúcháin Béarla chomh maith), tá “Súil Siar” le fáil inár SIOPA anseo.


NOTE: Barra Ó Donnabháin authored over 300 articles for the “Irish Echo” and he himself selected 32 of them for publication in the book “Súil Siar”.  That book was edited and translated by his friends Hilary Mhic Shuibhne and Eibhlín Zurell.  If you’d like to read more stories by Barra (with English translations as well), “Súil Siar” is available in our SHOP here.