Fáilte (Welcome) › Forums › 36030
November 19, 2011 at 5:37 pm
#40202
Participant
Is fíor sin.
Ar aon nós, tá súil agam nach ndéanfaidh sé dearmad ar an nGaeilge i rith a théarma mar uachtarán, i measc na ndualgaisí eile a bheas air, mar is cosúil go mbeidh a dhóthain le déanamh ag an bhfear bocht… Séard atá i gceist agam ná rudaí beaga a d’fhéadfadh “ardán” a thabhairt don teanga i réimsí an tsaoil nach bhfeictear sí iontu go hiondúil, rudaí a bheadh cosúil le diospóireacht idir ceannairí na bpríomhpháirtithe ar TG4. Bheadh sé sin go hiontach.
Bhuel, feicfidh muid. Níl sé ach th’éis glacadh leis an bpost nua.