36034

#40238
Jeaicín
Participant

A Lughaidh, a chara, is ag cleachtadh Gaeilge atáim agus mé ag iarraidh cur léi. Ach oiread le foireann díospóireachta má fheicim go bhfuil gach aon duine ar thaobh amháin scríobhfaidh mé abairt nó dhó ón taobh eile. Níl ar siúl agam ach cleachtadh teanga. Ní faoistin phoiblí atá ar siúl agam cé go mb’fhéidir go mbeadh frídín den fhírinne le haireachtaíl fite (fuaite) tríd an áiféis is an áibhéil ar uairibh.

Maidir leis an mbéaloideas tá a fhios ag an saol go bhfuil an béaloideas a bailíodh ar cheann de na toibreacha Gaeilge is tábhachtaí agus is dúchasaí dá bhfuil ar fáil agus gur sár-léiriú iad na scéalta is na hamhráin, na seanfhocail is na piseoga ar chaint na ndaoine — mar a bhíodh tráth.

Ní mar sin a labhraímid anois áfach mar nach ionann na hábhair ná an foclóir. Cuiream i gcás gur mhian linn labhairt faoin gconbhua lorraithe lán de dhramhaíl raidghníomhach núicléach atá ar a bhealach inniu ón bhFrainc go dtí an Ghearmáin ba bheag an tairbhe dúinn “seolta bocóideacha bacóideacha” an bhéaloideasa.