36045

#40303
aonghus
Participant

Leagan ó na 1930í a chlúdaíonn cuid den sliocht san:

“Innseosad-sa san duit,” arsa Fionn.
“Nuair a bhídh seacht gcatha na gnáthféinne ar aon mháigh agus nuair a thógaid a crannghail ós a gcionn agus nuair a ghluaiseann an ghaoth glórach ghlanfuar tríotha agus thórsta, is róbhinn liom san. Agus nuair a leagtar na búird amach ‘san tigh fleidhe againn i nAlmhain, agus nuair dháilid na dáileamhain na cuirn caomhghlana do mhaithibh na Féinne, an bloscbhéim dobheirid ‘na dheire sin ag baint le bórdaibh na bruidhne, is róbhinn liom san.
Is binn liom foghar faoileann ag coigeadail na gcorr agus fuaim toinne Tráighlí, agus abhrán Mac Meardha, agus fead Mhic Lughaidh, agus dórd Fearstaraidh, agus guth na cuaiche an chéad mhí de samhradh, agus nuaill na scol i nDoire.