36542

#43975
Onuvanja
Participant

Mionlach beag iad lucht na Gaelainne in Éirinn. Fágann san ná beidh aon mhórdhíol ar aon nuachtán Gaelainne. Bíonn nuachtáin Ghaelainne i dtaobh le hairgead ó Fhoras na Gaeilge, do réir mo thuisceana ar an scéal. Ní léann a lán daoine Gaelainn agus is beag Gaelainn in aon chor a léann muintir na Gaeltachta. Is beag nuacht a bhíonn i nuachtáin Ghaelainne sochas imeachtaí Gaelainne, rud nách spéis le scata. Bíonn cuid dos na scéalta leadránach agus droch-Ghaelainn age cuid mhór acu so a bhíonn ag scríobh ar na nuachtáin. Ní bhíodh Foinse (mar a bhíodh seara bhfuair an Indo é) ró-olc ó thaobh na Gaelainne dho ach bhíodh Lá go hainnis ar fad ar fad. Bhí Gaelscéal ideir eatartha ó thaobh na Gaelainne dho. Galar é sin ná fuil dul uaidh sa lá athá inniu ann, is baolach, i bhfiainise a laigeacht athá an teanga sa tír agus uiscealú mór déanta ar mhúineadh agus staidéar na teangan.

Go raibh maith agat as do fhreagra, a Charmanaigh. An bhfuil tú a rá nach mbeadh nuactáin Ghaeilge fearacht Foinse agus Gaelscéal ar díol ar fud na tire? Is deacair liom é a chreisdiúint nach mbeadh teacht orthu sa chuile bhaile mór agus an t-éileamh a bheith ann ó Ghaeilgeoirí áitiúla. Go deimhin, nuair a bhí mé i mo mhac léinn ag Ollscoil Uladh i gCúil Raithin, bhíodh Foinse ar fáil i gcónaí ag an siopa leabhair, cé gur ceantar láidir Pratastúnach é Cúil Raithin…