Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › Something about this doesn’t sit right with me.. › 36571
As Conamara an cainteoir a dúirt an méid sin a chairde. Bheinn ag súil leis an ‘atá’ ag cainteoir maith Gaeilge as an Spidéal go fiú sa ráiteas indíreach mar gur nós acu sin é a théann i bhfad siar. Thagair Liam Mac an Iomaire dó sin ar (an gclár) Leagan Cainte, blianta ó shin anois. Tagraítear do Sheán Bán Breathnach mar shampla de thogha an chainteora a bhfuil an nós seo aige. Is as an Spidéal é ar ndóigh. Bíodh gur níos faide siar an cainteoir áirithe a bhí i gceist, Treabhar, d’éist mé leis ar an ábhar gur thug sé uaidh é go neamhfhaiteach agus ar ndóigh, ní fios an gabhal gaoil a d’fhéadfadh leagan cainte mar é a roinnt, anuas dhá nó trí ghlúin, le duine. Mar nós cainte, i gCois Fharraige go sainiúil, d’fhéadfadh sé a bheith chomh fada siar le theacht na Normannach, ar Bhreatnaigh chuid acu.