36584

#44165
Onuvanja
Participant

GRMA, a Aonghuis. Seo é an t-alt a léigh mé féin ar shuíomh an BBC.
http://www.bbc.co.uk/news/world-europe-23550159

Is dócha go bhfuil an dá thaobh ar an scéal. Ach an ndearna Bord Iascaigh Mhara scrúdú géar ar an dochar a d’fhéadfadh a leithéide de thionscal a dhéanamh don timpeallacht nó an raibh siad meallta ag an airgead mór atá i gceist? I ndeireadh na dála, ba chóir go mbeadh muintir na háite sásta sula rachaidis ar aghaidh.