36598

#44448
Onuvanja
Participant

A chairde,
Cad é an dóigh is fearr le fuaimeanna/aibitír na Gaeilge a theagasc do ghlantosaitheoirí?
Cad é na fuaimeanna is tábhachtaí – agus na cinn ba cheart a dhéanamh ag an tús?
Cad é an bealach is fearr le iad a chur a chleachtadh?
GRMAibh

Má tá tú ag iarraidh go mbeadh deá-Ghaeilge ag an rang, ba cheart na fuaimeanna uilig a fhoghlaim ar dtús, creidim. Ar ndóigh, ná bí ag súil go mbeadh blas na Gaeltachta ag na mic léinn ó thús, ach má bhíonn deis acu éisteacht leis an teanga labhartha go rialta agus na gnéithe suntasacha (caol vs leathan, mar a deir Carmanach, an séimhiú agus an t-urú srl) á gcur ar a súile dhóibh agat, is gearr go dtiocfaidh feabhas ar a gcuid Gaeilge. D’fhéadfá leas a bhaint as póstaeir ina mínítear fuaimeanna na Gaeilge agus an difríocht idir an caol agus an leathan. Creidim go bhfuil a leithéid ar díol sna siopaí leabhar agus ar an idirlíon.

Go n-éirí leat!