36636

#44795
Seosamh Mac Muirí
Participant

“How would you address the needs of pupils of varying abilities in a multigrade setting?”
Tá cuma cheist agallaimh do phost meánscoile ar an abairt a Heather agus ní múinteoir meánscoile mé ach tabharfaidh mé faoi. Is dócha go bhfuil téarma ‘ilghrád’ agaibh ach ar son na simplíochta:

1. Conas a dhéanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais atá ar ghrádanna éagsúla?

2. Conas a láimhseálfá riachtanais daltaí atá ilchumasach agus atá ar ghrádanna éagsúla?

Ar son na simplíochta:

3. Conas a déanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais, agus abair go bhfuil na daltaí seo ar ghrádanna éagsúla?

4. Conas a déanfá cúram do riachtanais daltaí ilchumais, agus abair gur daltaí iad atá ar ghrádanna éagsúla?

(Is beag liom an focal ‘suíomh’ ach más maith leat féin é, bain feidhm as. Is focal coitianta ‘nua’-Ghaeilge é agus tuigfidh an t-iarratasóir láithreach é.)

5. Conas a dhéanfá freastal ar ….
Cén chaoi a ndéanfá freastal ….
Cén freastal a dhéanfá ar
Cén cineál freastail a dhéanfá

6. Conas a dtabharfá faoi fhreastal ar riachtanais

Go n-éirí sin leat is libh.