Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › leis an saoire/leis an tsaoire › 36659
February 22, 2014 at 11:07 pm
#44996
Lughaidh
Participant
I dTír Chonaill cuirtear t- roimhe s- (s+guthaí, sn, sr, sl) i ndiaidh achan réamhfhocal simplí (a dtig an tuiseal tabharthach ‘na dhiaidh) + an t-alt “an”, is cuma cé acu firinscneach nó baininscneach atá ‘n focal
leis an tsagart
ar an tsagart
faoin tsagart
ar an tslí
leis an tslí
faoin tslí
leis an tsaoire
fán tsaoire
ar an tsaoire
srl…