36761

#45407
Héilics Órbhuí
Participant

Tá sé go hiontach gur bhain tú an méid sin taitnimh as an gcúrsa! Táím ag iarraidh gan a bheith ró-neirbhíseach. Tá fadhbanna agam leis an imní i gcoitinne – tagann taomanna scaoil fúm scaití, ach is maith liom dúshlán a bheith agam freisin 😉 Tá beagán faitíos orm go ndéanfaidh mé baileabhair díom féin ach is dóigh go mbeidh muid inár bhfoghlaimeoirí uilig.

Seinim roinnt uirlisí ceoil agus bím fós i mo mharana faoi sin – ar an taobh amháin, bheadh an-fhonn orm páirt a ghlacadh i seisiún ach ar an taobh eile is fuath liom seiceáil bagáiste, b’fhearr liom ar bheagán ualaigh a thaisteal 😉 B’fhéidir go ligfí uirlis ar iasacht dom ar feadh tamaill, ach níl mé ag iarraidh a bheith i mo theallaire ó thaobh de ach an oiread.