36802

#45611
Héilics Órbhuí
Participant

“Léitear dúinn é sin i mbeatha na naomh nach bpeacaí na drúisc go dtí dhá bhliain déag ach fiach (?) gur damnaíodh ___ na seacht mbliain, an t-athair, a mháthair, agus é féin. Trí luach saoire atá le fáil againn (?) de bharr a bheith ______ agus an maslú Dé. Má tá an mí-ádh giorra don saol agus ifreann le linn Dé (?) níl aon ___ a ngearradh tú feoil Chriost (?). Nach gcroitheann sé trí huaire a lámh agus deireann (?) sé an créatúr a chruthaigh mé go bhfuil sé do mo chur arís chun báis. Is mairg a bhíonns teann ar an saol gearr. Agus ganfhios againn cáid (?) uainn ceann ár léas (?) níl ach sméideadh orainn ón mbás agus caitheamh an t-anam a dul i láthair Dé. Nuair a thiocfas an t-anam i láthair Dé faoi bhreithiúnas mór trom níl aon ní le cur againn leis ach troscadh, urnaí agus déirce. Mara dtuga tú uait ach gloine den uisce fuar a bhíos thall ón ngrian (?) sna flaithis. ___ tú a luach ach é a thabhairt uait in ainm Dé.
“Ó” a deir Oisín “ní gaire dom éisteacht le do ghlór agus ní faide uaim glór do bhéil. “Ná creidiúint ná cuimhniú in onór Dé. B’fhearr liomsa Fionn mac Cumhail a fheiceáil de léim (?) ná céad mar do Dhia a fheiceáil níos tréine. “
“A Oisín” “tá sé sin siúd an ifreann ar lámh. An fear sámh a ___ a tóir (?) agus imeoidh tusa mar d’imigh an éan (?) ach caintíodh muid (?) ar Dhia go fóill. Léitear dúinn i mbeatha na naomh nach bpeacaí na drúisc go dtí dhá bhliain déag ach fiach (?) gur damnaíodh ___ na seacht mbliain, athair, a mháthair, agus é féin. Faoi an-tuille (?) a thugadar do Dhia, faoi ______ agus faoi mhaslú Dé. An té a bhíonns a ______ agus an maslú Dé, bíonn a theanga dóite in a bhéal, bíonn sciúirse roimhe as gach bealach agus bóthar dá dtiocfadh sé é agus __ croí atá go holc dá chúrsa (?) bíonn sé ina mheall brimstone i lár a chléibh. Trí luach saoire atá le fáil againn (?) de bharr a bheith ______ agus an maslú Dé. Má tá an mí-ádh giorra don saol agus ifreann le linn Dé (?) ___ a ngearradh tú feoil Chriost (?). croitheann sé trí huaire a lámh agus deireann (?) sé an créatúr a chruthaigh mé tá sé do mo chur arís chun báis. Is mairg a bhíonns teann ar an saol gearr. Agus ganfhios againn cáid (?) uainn ceann ár léas (?) níl ach sméideadh orainn ón mbás agus caitheamh an t-anam a dul i láthair Dé. Nuair a thiocfas an t-anam i láthair Dé faoi bhreithiúnas mór trom níl aon ní le cur againn leis ach troscadh, urnaí agus déirce. Mara dtugann tú uait ach gloine den uisce fuar a bhíos thall ón ngrian, sna flaithis gheobhas tú a luach ach é a thabhairt uait in ainm Dé. Ó Oisín, ba chóir duit dá dtiocfá liomsa go Loch Dearg ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé.”
“Mo chrá nár fhan mé (?)” a deir Oisín “má théimse leat go Loch Dearg, ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé, mar nach bhfaighinn ann ach arán agus uisce agus olc a thiocfadh sin do sheanathair Liam Armaigh (?).”
“Ó Oisín” a deir sé “dá dteagfá liomsa go Loch Dearg ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé, b’fhéidir go bhfaighinn ó Dhia amharc a thabhairt duit ar na seacht gcatha breá a bhí ag an ____ ” agus ar ndóigh tháinig gliondar ar Oisín an uair sin dá fheicfeadh sé iad.
“Ó mo chrá nár fhan mé (?)” a deir Oisín “má thiocfaidh mé leat go Loch Dearg, ag guidhe na ngrásta agus an moladh Dé, agus d’imigh leo go ndeachadar go Loch Dearg agus ___ Naomh Pádraig seacht n-oíche agus seacht lá ar Oileán Loch Dearg le go bhfuair sé amharc ó Dhia faoi dheireadh ar na fianna ____ an fré chéile go hiomlán ___ agus dár ósta (?) ____ faoi ifreann. Agus nuair a chonaic Oisín é, chuir sé scread a bháis as.
“ÓÂ Phádraig” a deir sé “an bhféadfá an créatúr fianna __ Éireann a fhuascailt ón ngábh a bhfuil siad ann?”
Bhí sé chomh maith dó b’Oisín (?)” a deir sé “a bheith ag sníomh ___ do ghaineamh na trá. Nó caitheamh clocha leis sa ngealach siar. Éan ina dhá bhuille (?) i dteach na bpian ní fhagfaidh sé é go dtí lá an bhreithiúnais. Caithfidh an t-anam míle bliain a chaitheamh in ifreann in aghaidh gach gráine gainimh dá bhfuil ar an trá nó in aghaidh gach seamaide dá bhfuil ar a mhéar. Dá mba pápéar é an talamh glas agus peann cleiteach é an éan (?), an fharraige mhór ar fad ina dúch agus clann ___ ar fada na gcléir, deachma, tinteachaí ifreann ní chuirfidís i gcéill (?).
D’imigh leo agus ar Loch Dearg. D’imigh leo thart timpeall. “Anois a Phádraig” a deir sé “tabhair _______. Agus gearr mo chuid feola chomh mion leis an gcré agus a seanchroí bradach atá i lár mo chléibh agus atá mé ag iarraidh na honóir ort” a deir sé “mé a bhaisteadh in onóir Dé.”
Bhaist Naomh Pádraig Oisín, agus nuair a rug sé ar a gcána, bhí ag Naomh Pádraig aghaidh (?) na heaspaig sháigh (?) sa talamh lena thaobh é, agus cén áit a chuireadh sé síos ____ coise, “Oisín. Ó Oisín” a deir sé “tá cás orm. Creidim é sin gur ghortaigh mé thú.
“Ó beirim do Dhia” a deir Oisín. “Shíl mé gur cuid den bhaisteadh a bhí ann.” Trí mí a mhair Oisín beo ar __ sé a bhaisteadh. Trí _______ _______ le teann deoir (?) ____. Ní raibh airíoch le fáil, ní b’fhearr ná é, ní bheidh sé tuirseach go brách ag guidhe na ngrásta agus ag moladh Dé.