36858

#45795
Héilics Órbhuí
Participant

Go raibh maith agat as an sliocht sin a roinnt linn, a Héilics! Is beag duine, foghlaimeoir nó cainteoir dúchais, a thuigfeadh a leithéid, sílim. Ní leor Gaeilge mhaith a bheith agat, seachas caithfidh eolas a bheith agat ar na canúintí, stair na hÉireann, scríbhinní na dteangeolaithe agus an dream uilig, an gceantar inar rugadh agus tógadh an t-údar agus, seans, aithne a bheith agat ar Mháirtín féin.

Is dóigh gur fíor duit an méid sin. Is iad na tagairtí iomadúla nach bhfuil aithne agam ar chor ar bith orthu atá an phríomhdheacracht dom maidir leis an téacs seo. Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaigh mé an leabhar seo i leaba Cré na Cille (a bhfuil, mar a dúirt tú, níos mó cáile air) 😉 Tá mé ag ceapadh anois gur dul amú a bhí orm.

Pé scéal é, comhghairdeas leat má dhéanann tú Barbed Wire a chríochnú!

Ar an drochuair, caithfidh mé a rá gur thug mé suas leis ar feadh tamaill. B’fhéidir lá breá eicint, agus a thuilleadh líofachta nó léinn agam, tabharfaidh mé faoi arís. Thosaigh mé ag léamh “Smaointe, le Blaise Pascal” aistrithe go Gaeilge ina áit. 😉 É féin cineál dúshlánach, ach níl mé ag streachailt leis ó fhocal go focal. Cúpla focal ar an leathanach, ar an meán.