36865

#45802
Rogha Bhríde
Participant

Dia ‘s Muire duit, Má tá dúil agat i gceol, mholfainn duit amharc ar chláracha ceoil TG4 (ar “TG4 player”) – tá siad iontach! Mar shampla “Ceol ón Chartlann le Paul Brady”, “Fuaimrian Mo Shaoil”, agus neart eile. Má tá dúil agat ina bheith ag éisteacht leis an raidió, mholfainn mo chlár raidió féin duit :-), “Rogha Bhríde”. Is féidir leat éisteacht le clár álainn a rinne mé le laoch na n-amhrán agus na Gaeilge, Lillis Ó Laoire, agus muid ag ceiliúradh an cheol álainn a rinne Eithne Ní Uallacháin a thaifead. Tá an nasc anseo: https://www.mixcloud.com/roghabhride/

Go n-éirí leat!
Bríd