36886

#45852
Héilics Órbhuí
Participant

B’fhéidir nach bhfuil an ceart agam, ach tá a leithéid in úsáid go forleathan fiú amháin i measc cainteoirí líofa/dhúchais sa lá atá inniu ann. Feicim gur cheadaítí é i nGaeilge anallód leis na réamfhocail “ag, le, ó” (muna bhfuil dul amú orm). Mar sin is léir go bhfuil an “mhí-úsáid” sa teanga i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile le fada an lá.

Mar a dúirt Seáinín, má tá tuairim faoi leith agat maidir leis, abair amach é. Ní ollamh mise, agus ní miste liom ceartúcháin. Ach más ag iarraidh cé hé mise atá tú, níl móran le rá agam faoi cheist chomh suarach leis sin.