abairt deacair

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • Author
    Posts
  • #36690
    Seán
    Participant

    Tá fadhb bheag agam leis an abairt seo a aistriú:

    Which places have you visited in Ireland?

    B’fhéidir: Céard iad na haiteanna ar a dtug tú cuairt in Éirinn?

    An bhfuil sé seo ceart? Níl mé cinnte faoi “ar a”. An bhfuil bealach eile ann?

    GRMA

    #44987
    Cúnla
    Participant

    “Cén áit in Éirinn a raibh tú cheana?” / “Cé na háiteacha in Éirinn a raibh tú cheana?”

    #44988
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Bheadh sé “ar ar thug tú cuairt” nó “ar thug tú cuairt orthu”, ach aontaím le Cúnla, ar bhonn is nach n-úsáidtear “cuairt” mar sin, i mo thuairimse. B’fhearr an focal é má tá daoine i gceist.

    #44989
    Seán
    Participant

    Tuigim anois.. GRMA lads

    #44991
    Hugo
    Participant

    Bheadh sé “ar ar thug tú cuairt” nó “ar thug tú cuairt orthu”, ach aontaím le Cúnla, ar bhonn is nach n-úsáidtear “cuairt” mar sin, i mo thuairimse. B’fhearr an focal é má tá daoine i gceist.

    1- Cé gur féidir “cuairt a thabhairt” ar áiteacha/áiteanna chomh maith, is dócha go mbeadh leagan Chúnla níos nadúrthaí sa chomthéacs seo.

    2- “ar thug” an leagan caighdéanach, ach is é “a dtug” (ar nós “bí”, “feic”, srl.) is mó a deirtear i nDún na nGall.

    So, a Sheán, bheadh “ar a dtug tú cuairt”/”a dtug tú cuairt orthu” ceart in Ultaibh.

    3-

    Bheadh sé “ar ar thug tú cuairt”

    A Héilics Órbhuí, nach ndeirfeá go bhfuil boladh an Táséfearachais air sin? 🙂

    #44992
    Héilics Órbhuí
    Participant

    “Táséfearachais”

    Deamhan clú agam cad é…..

    Ach tá mo leagansa ceart de réir an chaighdeáin… Sin é a bhí mé a rá.

    EDIT:Tuigim anois (buíochas le Google). “Tá sé fear-achas”.
    Ní hé ar chor ar bith. Níl “tá sé fear” ceart. Tá “ar ar thug tú cuairt” ceart (pé mínádúrtha a bheadh sé). Difríocht mhór, déarfainnse.

    #44993
    Seán
    Participant

    An-suimiúil.. GRMA arís.

    #44994
    Hugo
    Participant

    Mo leithscéal nár mhínigh me go soileir é, a Héilics. Ag tagairt do “Bheadh sé” a bhí mé.

    Bheadh sé “ar ar thug tú cuairt…” agus Tá/bheadh sé fear. Is é an drochstruchtúr céanna é.

    #44995
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Oh, tuigim anois. Ceart agat.

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.