Ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach nó Aidiacht?

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Ainmfhocal sa Tuiseal Ginideach nó Aidiacht?

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • Author
    Posts
  • #36904
    Seáinín
    Participant

    Just when I was starting to feel i mo mháistir ar an tuiseal ginideach, along comes that ambiguity between when we’re talking ainmfhocal vs. aidiacht.

    Cás den chineál: an focal “ceol”. I was innocently writing an entry (“Music Night”) in my calendar and decided to write it in Irish. I was pretty sure it would be something like “Oíche Ceoil”) but I looked up “Ceol” in Ó Dónaill. De réir an foclóir sin, is ainmfhocal firinscneach é, agus mar sin tá na foirmeacha seo a leanas ag baint leis mar ainmfhocal:

    an tuiseal ainmneach, gan alt: ceol
    an tuiseal ainmneach, le halt: an ceol
    an tuiseal ginideach uatha, gan alt: ceoil
    an tuiseal ginideach uatha, le halt: an cheoil.

    Níl tagairt ar bith faoin bhfoirm aidiacht an focail in Ó Dónaill. Ach, san bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge, tá na frásaí seo a leanas sna samplaí:

    buíon (b.) cheoil (a band)
    ardscoil (b.) cheoil (a conservatory)
    oíche (b.) cheoil (an evening of music)

    Ní foláir nó is aidiacht é sna cásanna seo, in ionad ainmfhocail. In contrast, here are some examples of the word used as a noun in the genitive case:

    éan (f.) ceoil (songbird)
    cliath (b.) ceoil (music staff)
    fuaim (b.) ceoil (sound of music)

    agus, ní chuirtear iontas ar bith ar dhuine nuair a úsáidtear an t-alt, seo iad samplaí na dtorthaí:

    éan an cheoil (the songbird)
    cliath an cheoil (the music staff)
    fuaim an cheoil (the sound of music)

    Is é seo mo dhúshlánach ná cén chaoi a bhfuil a fhios agam dá mba cheart dom focal mar ainmfhocal nó mar aidiacht a úsáid i gcomhthéacs ar leith, más féidir an dá fhoirm araon a úsáid? And, in case my Irish is muddled, in those situations where a particular word, like “ceol” in the examples above, might be used in native speech as either a noun in the genitive or as an adjective, how do I know which to expect and to use when I am crafting sentences of my own? Are there rules of thumb people have figured out, or is it strictly experience?

    Go raibh mile maith agaibh go léir.

    #45913
    Labhrás
    Participant

    buíon (b.) cheoil (a band)
    ardscoil (b.) cheoil (a conservatory)
    oíche (b.) cheoil (an evening of music)

    Ní foláir nó is aidiacht é sna cásanna seo, in ionad ainmfhocail. In contrast, here are some examples of the word used as a noun in the genitive case:
    .

    Cén fáth “ní foláir”?

    #45914
    Seáinín
    Participant

    Má tá cuma aidiachta air, agus tá boladh aidiachta air, agus iompraíonn sé mar aidiacht, is dócha gur aidiacht é. 🙂

    #45915
    Lughaidh
    Participant

    Cha dtuigim goidé an fhadhb atá agad… Is ainmfhocal “ceol”, thig leat é a chur i ndiaidh ainmfhocail eile, sa ghinideach, is ainmfhocal é féin i gcónaí.

    #45916
    Seáinín
    Participant

    De réir An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ag http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/musical, tá foirm aidiachta ann freisin, agus tá ciall leis. Mar a scríobh mé thuas, seo iad samplaí den fhocal ag feidhmiú mar aidiacht seachas ainmfhocal:

    buíon (b.) cheoil (a band)
    ardscoil (b.) cheoil (a conservatory)
    oíche (b.) cheoil (an evening of music)

    Dá mbeadh ainmfhocal firinscneach i gceist, ní shéimheofaí sa gcomhthéacs seo é.

    #45917
    Lughaidh
    Participant

    Úsáidtear mar aidiacht é ach is ainmfhocal é.
    Más aidiacht é, cad chuighe a bhfuil sé sa ghinideach? Nuair a deirtear “ardscoil mhór”, cha gcuirtear “mór” sa ghinideach.
    Níl’s agam cad chuighe ar scríobhadh ins an fhoclóir sin gur aidiacht é, is ainmfhocal a úsáidtear mar aidiacht, ie. le hainmfhocal eile a cháiliú, sin an méid.
    Nuair a deirtear “an evening of music” i mBéarla, cha ndéarfadh duine ar bith gur aidiacht “music”… Is é “musical” an aidiacht a bhaineas le “music”, agus i nGaeilg, úsáidtear ainmfhocal sa ghinideach (c(h)eoil) ina áit, sin an méid…

    Dá mbeadh ainmfhocal firinscneach i gceist, ní shéimheofaí sa gcomhthéacs seo é.

    braitheann an séimhiú ar rialacha eile (an cineál ainmfhocail atá roimhe, “dentals rule”, srl).

    #45918
    Labhrás
    Participant

    De réir An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ag http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/musical, tá foirm aidiachta ann freisin, agus tá ciall leis. Mar a scríobh mé thuas, seo iad samplaí den fhocal ag feidhmiú mar aidiacht seachas ainmfhocal:

    buíon (b.) cheoil (a band)
    ardscoil (b.) cheoil (a conservatory)
    oíche (b.) cheoil (an evening of music)

    Ah, tuigim, ach ní aontaím.
    Is é an focal Béarla “musical” atá ina aidiacht agus tugtar “ceoil” air i nGaeilge.
    Ach is ainmfhocal fós féin é an focal Gaeilge “ceoil”.


    Dá mbeadh ainmfhocal firinscneach i gceist, ní shéimheofaí sa gcomhthéacs seo é.

    Ní shéimhítear an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach i ndiaidh ainmfhocail fhirinscnigh.

    #45920
    Héilics Órbhuí
    Participant

    ag feidhmiú mar aidiacht

    Díreach é, “feidhmiú” an focal cuí. Mar a dúirt mo dhaoine thuas, ní aidiacht é, cé go bhfuil aidiacht sa leagan Béarla. Ní foláír cuimhneamh ar an nGaeilge agus ní ar an aistriúchán, an dtuigeann tú.

    Ach cén fáth go séimhítear é uair amháin agus ní shéimítear uair eile… sin ceist atá deacair a réiteach agus ní mhaífinn go bhfuil tuiscint an-mhaith agam ar na rialachaí uilig. De ghnáth baineann sé le cáillíocht eicint an fhocail. Féach an difear idir “gloine beorach” agus “gloine bheorach” – tá an dá abairt ceart ach ciallaíonn ceann amháin “glass of beer” agus ciallaíonn an ceann eile “beer glass”. Má thagraíonn an focal sa tuiseal ginideach do cháillíocht eicint an fhocail bhaininscnigh, séimhítear toisc go bhfeidhmíonn sé mar aidiacht (cé nach aidiacht é!).

    Sin ráite, ní dóigh liom gur ‘rial suite’ é seo agus tá éagsúlacht ann maidir le húsáid an phrionsabail seo. Ar an deireadh thiar, ní mór duit foghlaim ó eiseamláir, is dócha.

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.