Dia dhaoibh go léir, a chairde!
Táim ag lorg ainmeacha ar cúpla amhrán. Beidh fáilte roimh aon cabhair.
Seo cúpla versaí leis an céad ceann:
“Tá deireadh mo stóir caithte, mo bhrón,
Sa bhaile úd ar tógadh riamh mé;
Ní poirthís mo dhóigh, ‘s ní bhéidh mé ‘bhfad beo,
Tá an choigcríoch go mór á m’fhiacháil.
Mé a’ breathnughadh mo dhóigh sa phobal go neoid
‘S gan duine agam a thógfadh cian díom,
Is má théighim go Gleann Domhain chan de mo dheoin
A mhairfeas mé mórán bliadhantach.
Sí an choigcríoch faraor a mhuirbhfeadh a’ saoghal
Is d’fhuígfeadh na daoine buadhartha,
Sí ghealuigh mo dhlaoidh ‘gus laguigh mo chroidhe,
Is níl seasamh ag aoinneach léithe.
Acht aon duine dár mian leis mo theagasg, ná bíodh
I bhfad ó n-a dhaoiní céile,
Nó i dtinneas má bhíonn, i leathtrom, ná síl,
Go bhfuil na coimhthighigh ion-taobhtha i ngéibheann.”
Agus an ceann eile:
“Ó’s a mhíle m’anam ar maidin thú
Is arís a’ teacht na hoidhche,
‘S gan oidhch’ nó lá nach bhfeicim thú
nach ort a bím a’ smaoitiughadh.
Míle uair a b’fhearr liom agam thú
Ná ba na Mumhan is bainne aca,
‘S a Dhia nach truagh mé ‘sgaradh leat
‘S gur ionnat atá mo chroidhe istuigh.”
GRMA
-Dónall