Aistriuchain ‘To Innovate’

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Aistriuchain ‘To Innovate’

Viewing 13 posts - 1 through 13 (of 13 total)
  • Author
    Posts
  • #36898
    Donagh
    Participant

    A chairde,

    Taimse ag obair i gcoir comhlacht ndarbh ainm ‘Innovate Dublin’ ata bunaithe thall sna Oifigi Poibli i Mbaile Munna.

    Ta an dream ata i gceannais ar an foirginnimh ag iarraidh comhartha a chur suas le haimn na comhlachta air.

    Deireann oifig aistriuchain DCC gur e “Nualaiocht Bhaile Atha Cliath” an Gaelige ar “Innovate Dublin” ach i mo thuairimse is “Innovtaion Dublin” ata i gciest le sin. Dar liomsa mas e Nualaiocht an Gaelige ar ‘Innovation’, beadh “Nualaigh Baile Atha Cliath” an aistriuchain ceart ar ‘Innovate Dublin’.

    Nuair a chur me mo chas chuig an oifig, D’iuirt siad go bhfuil “Nuail” an Gaelige ar “Innovate” mar ghniomh. Ach dar liomsa, caithfea “Ag Nuail” a usaid ionas go dtuigfea an bhri – agus fuaimion se saghas mar Bearlvchas no aistruichain leisciul e ‘Nuail’

    Cad a cheapann sibhse?

    #45868
    Cúnla
    Participant

    Is dóigh go bhfuil an ceart ag lucht na hoifige aistriúcháin. Ní ordú atá sa bhfocal “innovate” in ainm an chomhlachta—nó dá mba ea, cén phearsa a bheadh i gceist .i. cé air a mbeifí ag ordú? Is éard atá ann (sa mBéarla) “bare infinitive.” Is é an t-ainm briathartha an fhoirm is gaire dhó sin sa nGaeilge go hiondúil (“nuáil”), sin nó ainmfhocal teibí den fhréamh chéanna: “nuálaíocht” sa gcás seo.

    Ní béarlachas é “nuáil.” is féidir briathar Gaeilge a dhéanamh de mhórán focal ar bith ach an iarmhír -áil a chur lena dheireadh: nua (aidiacht) + -áil (iarmhír) → nuáil (ainm briathartha nó foirm na dara pearsan uatha den mhodh ordaitheach).

    Seans go mbeadh aistriúchán ní ab fhearr ag duine eile ar “innovate/innovation” (“tionscna(mh)”?), ach is ainm briathartha nó ainmfhocal teibí a bheadh sa nGaeilge agus ní foirm ordaitheach.

    #45869
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Aontaim 100% le Cúnla. Ní hann don fhocal “nualaigh”. Tá cineál débhríochas ag baint le “nuáil” (is é an fhoirm ordaitheach uatha agus an t-ainmfhocal briathartha araon) ach níl dada cearr leis sin, déarfainn. Más ag déanamh aistriúchán atá tú, ní mór meabhrú duit cad is brí do rud i ndáiríre. An ordú atá i gceist le “Innovate Dublin”? Déarfainn nach ea.

    #45870
    Donagh
    Participant

    Is dócha gurb é dá bharr do mo chuid scoiláireacht i gCorcaigh nach féidir lion glacadh le Núáil. B’Fhéidir nach Béarlachas é i bhur tuairaimi ach nílim compòrdach leis. Aontaim leat Heilics go bhfuil easpa brí ann. Agus is é sin an rud nach bhfuilim sásta leis.

    Caithfeá a bheith ag obair sa ghairm seo ionas go dtuigfï céard atá i gceist agam leis an ordú. “Innovate Dublin and scale far and wide” Is ordú é sa slí céanna is a bheadh “Forward Russia” nò a lethéid.

    Go raibh mile math agam as ucht má freagrai.

    Ba bhreá liom tuairaimi wile a chloisteál má tá ann

    #45871
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Ní dúirt mé go bhfuil easpa brí ann. Tá cúpla brí ann, sin an méid (idir “innovating Dublin” agus “innovate Dublin! (mar ordú)”).

    Tuigim go maith cad is ciall d’ainm Béarla an chomhlachta. Ach ní déarfainn gur ordú é (cé gur cosúil gurb ea, b’fhéidir). Ní ordú “forward Russia” ach an oiread. Ní mór tuiscint a bheith agat ar cad is ordú ann, ó thaobh na gramadaí de. Is é sin le rá, tá gá le briathar ordaitheach. Níl aon bhriathar i “forward Russia”, cé go gcuireann sé iachall éigean in iúl. In “Innovate Dublin” cé leis a bhfuil tú (nó an comhlacht) ag labhairt? Duine amháin? Scata daoine? Ní ordú atá i gceist ach moladh nó ráiteas teibí. Difríocht chaolchúiseach í gan dabht. Sa deireadh thiar, níl a leithéid ann sa nGaeilge. Níl fáil ar choibhéis ghlan i gcónaí agus aontaím leis an oifig aistriúcháin go bhfuil “nuálaíocht” an rogha is fearr sa gcás seo. Sin í mo thuairimse. Pé scéal é, go n-éirí leat agus le do chomhlacht.

    #45872
    Donagh
    Participant

    A chara, Nuair a bhíos à phlé leis an oifig, d’aontaigh siad liom gur ionann “nualaíocht” Agus Innovation, is é an focal “Núáil” ar thug siad ar Innovate.

    Nil nualaíocht oiriúnach ar chorr ar bith.

    ó thaobh gramadaí de do cheap mé gur ionann moladh agus an tordú da chás sin.

    Go raibh mile math agam as ucht do freagrai agus moladh 🙂

    #45873
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Deireann oifig aistriuchain DCC gur e “Nualaiocht Bhaile Atha Cliath” an Gaelige ar “Innovate Dublin”

    Aontaím leis sin. Níl dhéantar aistriúcháin “focal-ar-fhocal”.

    #45874
    Cúnla
    Participant

    Ina dhiaidh sin is uile, níor mhiste cuimhneamh go bhfuil ordú agus ordaitheach ann agus ordú gan ordaitheach, cuirim i gcás: “bíodh a chead sin aige” (ordú agus foirm ordaitheach ann), agus “a chead sin a bheith aige” (ordú gan ordaitheach). Is é sin, is féidir ordú a thabhairt i nGaeilge agus an chiall bhriathartha a bheith á tabhairt ag frása ainmfhoclach (ainmfhocal + ainm briathartha, nó a leithéid eile).

    #45875
    Donagh
    Participant

    A chairde. NI doigh liom go dtuigeann sibh an meid ata raite agam. Daontaigh DCC Ina dhiaidh liom gurb ionann nualaiocht agus innovation (noun). Ar thoir sin diuirt siad gurbh nuail a bhi an focal i gcoir innovate.

    N’fheadar an bhfuil tu ag aontu leis an oifig Heilics ar son aontu leo!

    Is docha gur daltai muid go leir. Is trua e nach bhfuil nios mo daoine sa chomhra…

    #45876
    Donagh
    Participant

    A chúnla croí níl aistriuchain focal ar fhocal uaim ach gaelige briomhar sontasach neamh leisciuil.
    táim ag tnuth le freagra on Rannog freisin

    #45877
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Déarfainn go dtuigimid go maith. Ní thuigeann tusa gur cuma cén focal a chuirtear ar “innovate” ina aonar. Deir tú nach aistriúchán ‘focal ar fhocal’ atá tú a iarraidh ach sin go díreach atá tú a dhéanamh. Sa gcomhthéacs, níor chóir focal ar “innovate” a thóraíocht. Sin atáimid a mhaíomh. Níl aon rud leisciúil faoin moladh a thug an oifig duit.

    #45878
    Labhrás
    Participant

    . Ach dar liomsa, caithfea “Ag Nuail” a usaid ionas go dtuigfea an bhri – agus fuaimion se saghas mar Bearlvchas no aistruichain leisciul e ‘Nuail’

    Ní chaithfí is ní fhuaimíonn.

    #45879
    Onuvanja
    Participant

    A Donagh, is dóigh go bhfuil an ceart agat go bhfuil cuma rud beag ciotach ar “Nuálaíocht BhAC”, mar gheall air gur focal deacair fada é “nuálaíocht”. D’fhéadfá a rá nach bhfuil sé chomh láidir le “innovate” an Bhéarla, rud atá tábhachtach leis an bpobal a spreagadh chun gnímh. Ach ó thaobh na céille agus gramadaí de, tá mé ag déanamh gur, má tá tú ag iarradh cloí leis an téarma “nuáil”, ba cheart úsáid a bhaint as an ainmfhocal (“nuálaíocht”), mar a dúirt Cúnla.

    Seans go mbeadh aistriúchán ní ab fhearr ag duine eile ar “innovate/innovation” (“tionscna(mh)”?), ach is ainm briathartha nó ainmfhocal teibí a bheadh sa nGaeilge agus ní foirm ordaitheach.

    Go n-éirí go geal libh!

Viewing 13 posts - 1 through 13 (of 13 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.