Aitheantas Gaeltachta le tabhairt nó le baint?

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Aitheantas Gaeltachta le tabhairt nó le baint?

Viewing 1 post (of 1 total)
  • Author
    Posts
  • #36120
    Jeaicín
    Participant

    Tá an cheist seo le hardú san Acht Teanga nua atá beartaithe agus tá daoine i gceantar amháin ar a laghad i mBaile Átha Cliath ag maíomh go bhfaighidh siadsan aitheantas Gaeltachta faoin réimeas nua. Ar an dtaobh eile dhe tá ceantracha Gaeltachta ann ina mbíodh cainteoirí dúchais le cloisteáil seasca bliain ó shin ach nach bhfuil mórán daoine fágtha iontu anois agus gur lú go mór a gcuid eolais siúd ar an nGaeilge ná mar a bheadh ag cainteoir dúchais. Mura bhfuil Gaeilge le cloisteáil sa scoil sa séipéal sa tábhairne ná sa siopa conas is féidir “Gaeltacht” a thabhairt ar cheantar mar sin? Ar cheart na ceantracha sin a scor? Mór an náire a leithéid. Nárbh fhearr iarracht a dhéanamh an teanga a mhúineadh dóibh agus iad a spreagadh len í a úsáid.

    Is é an critéir is tábhachtaí i nGaeltacht ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina teanga pobail agus í bheith á labhairt ag óg is aosta go poiblí.

    Maidir le gréasáin le Gaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí traidisiúnta beidh sé suimiúil an dtabharfar aitheantas dóibh. Is cinnte go bhfuil éacht déanta ag tuismitheoirí áirithe le Gaeilge a thabhairt dá bpáistí agus gur chóir aitheantas a thabhairt do na daoine sin. Cuid de na teaghlaigh sin ba as an nGaeltacht dá sinsir agus d’éirigh leo an ceangal leis an bpobal Gaeltachta a choinneáil. Léiríonn an tacaíocht a thugtar do na scoileanna lán-Ghaeilge gur mian le céatadán áirithe de phobal na tíre an teanga a choinneáil beo agus a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlún eile.

    Bhur mbarúil?

Viewing 1 post (of 1 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.