Amhrán Leeds

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • Author
    Posts
  • #36504
    Fuinseog
    Participant

    An bhfuil liricí Amhrán Leeds ag éinne?

    #43772
    Bríd Mhór
    Participant

    Tá an t-amhrán anseo ar YouTube.

    http://www.youtube.com/watch?v=8VMYq3l9saQ

    Níl na focla ar an CD. Ní raibh mé in ann iad a fháil ar líne.
    B’fhéidir go mbeadh mé in ann iad a scríobh amach dhuit mura bhfuil siad fáighte cheanna ad.

    #43774
    Fuinseog
    Participant

    Maith thú Bríd Mhór. Tá CD agam chomh maith ach níl mé in ann na focla a dhéanamh amach. Is ait an rud nach bhfuil na liricí le fáil ar líne!! Is sár amhrán é.
    Fuinseog

    #43780
    Bríd Mhór
    Participant


    B’fhéidir go bhfuil cúpla focal nach bhfuil baileach ceart.

    AMHRÁN LEEDS

    Céad slán ag Sasana nár dheas an áit é
    ará is ann a bhfearr liom riamh socrú síos
    bhíodh obair dheas ‘am ann is mé ag fáil mo phá
    bhí an saol tharr barr ‘am is mé mo chónaigh i Leeds

    Ach bhí an mí-ádh ag strachailt liom gur dtug mé aird air
    is gur thug mé an bád bán abhaile aríst
    bhí fáilte ag m’athair romham and an n-áit le fáil ‘am
    is mo mháithrín sásta gur fhill mé aríst

    bhí rún ‘am casadh más luath/lá? nó mall é
    ar nós gach nadúr bhí sé istigh mó chroí
    cén n-áit is deise leat ná an n-áit a d’fhág tú
    i measc do chairde is do dhaoine gaoil

    tá píosa talún ann agus teach ceann slátaigh
    tá beithe is bád ann is neart caoire ar shliabh
    níl tada ag taisteáil uaim ach bean breá láidir
    is tá Máirín fágtha fós sa teach seo thiar

    Tá na blianta ag breith uirthi a bhíonns daoine ag rá liom
    is níor thug sí aird ar aon fhear fós
    sé dúirt mo mhuintir liom ó fán mar atá tú
    agus beidh seans ar ball ‘ad ar chailín óg

    Ó Ní caitheamh anuas é ar an n-áit a d’fhág mé
    Ach i Leeds i North Street sé bhíodh an spraoi
    bhíodh piontaí Teatley ann agus Johnny Walker
    ní raibh piann i gceann ‘ad ná cloigeann tinn

    Ó sé mo bharúil go mbeidh mé aríst ann
    mar ní shocraigh m’intinn leis an tír seo fós
    ní fheicim obair ar mhuir ná thír ann
    ach tá mair más miann leat má fhaghann tú dole

    ó tháinig an cigire amach ón rionn ‘am
    is ní ar cuairt a bhí sí ach mar ghealt ar an dole
    nár cheap mó mhaithrín gur bean as Leeds í
    is nár fhiaraigh sí faoin dion-sa sea chonaíonns Joe

    Tá Joe sa mbaile anois ó thus an ghreimhridh
    os ní bhfuair sé pighin uaibh ná scilling fós
    ach is sé mo bharúil gur b’é Leeds aríst é
    maith luath de hAoine a bheas mé around Ty Road

    Beidh obair sheasta ann gan mórán imní
    feadaigh codladh suaimhneach agus cabhar phighin a ól
    i bhfad ón spiodaire atá ag fáire sciob ort
    go mbeadh uan ag caoire leat nó laoi ag bó

    #43796
    Fuinseog
    Participant

    Ar fheabhas Bríd Mhór. Míle buíochas!!
    Fuinseog

    #43797
    Bríd Mhór
    Participant

    Ar fheabhas Bríd Mhór. Míle buíochas!!
    Fuinseog

    Tá fáilte romhat.

    An bhfuil aithne ad ar Bheairtle Ó Domhnaill? Amhranaí maith eile as Conamara.

    https://www.cic.ie/en/1136-product-nancy-bhán-by-beairtle-ó-domhnail

    #43798
    Fuinseog
    Participant

    Tá seanchaiséad agus CD ‘Nancy Bán’ Beairtle agam. A lán John Beag/na hAncairí chomh maith.

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.