An Fhoirm Leanúna

Viewing 14 posts - 1 through 14 (of 14 total)
  • Author
    Posts
  • #36032
    Ebony
    Participant

    Dia dhaoibh go léir!

    Bíonn an fhoirm seo sa Ghaeilge i gcónaí do mo chrá. Is é an rud atáim ag ceapadh ná go mbaineann sé le gníomh leanúnach nach bhfuil críochnaithe go fóill ach níl sé mínithe go soiléir in aon leabhar gramadaí atá agam agus b’fhéidir go mbeadh níos mó eolais faoin rud sin ag duine eile? Cad iad na rialacha a bhaineann leis? An gcuirtear urú ar an mbriathar má tá an t-ainmfhocal san uimhir iolra mar seo: ‘tá teangacha éagsúla á bhfoghlaim agam’ agus séimhiú nuair atá an uimhir uatha ann ‘tá sé á dhéanamh agam faoi láthair’ nó an cheart ‘á déanamh’ a rá sa chás san nó……?

    Bheinn fíorbhuíoch d’éinne as bhur dtacaíocht leis an rud seo,

    Grma!

    #40198
    Lughaidh
    Participant

    An gcuirtear urú ar an mbriathar má tá an t-ainmfhocal san uimhir iolra mar seo: ‘tá teangacha éagsúla á bhfoghlaim agam’ agus séimhiú nuair atá an uimhir uatha ann ‘tá sé á dhéanamh agam faoi láthair’ nó an cheart ‘á déanamh’ a rá sa chás san nó……?

    Braitheann an t-athrú toisigh ar inscne agus ar uimhir an ainm a ndéanann an forainm tagairt dó.
    Tá sé á dhéanamh agam (>ainm firinscneach)
    Tá si á hól agam (>ainm baininscneach)
    Tá siad á mbriseadh agam (>ainm iolra).

    Ach sin an fhoirm leanúnach ins an chaí chéasta (passive), thig leat sin a ráidht níos simplí:
    tá mé á dhéanamh
    tá mé á hól
    tá mé á mbriseadh

    #40206
    Ebony
    Participant

    Go raibh míle maith agat a chara. Bím trí na chéile faoin rud sin go minic. Mar sin, cuirtear séimhiú ar an mbriathar má’s ainmfhocal firinscneach atá ann, ní shéimhítear ná uraítear an briathar má’s ainmfhocal baininscneach atá ann ach cuirtear séimhiú roimh ghuta agus uraítear an briathar má tá an t-ainmfhocal san uimhir iolra?? Mar sin, an ceart dom a rá “Tá an Ghaeilge á múineadh i dtíortha éagsúla” ?

    #40207
    Lughaidh
    Participant

    Go raibh míle maith agat a chara. Bím trí na chéile faoin rud sin go minic. Mar sin, cuirtear séimhiú ar an mbriathar má‘s ainmfhocal firinscneach atá ann, ní shéimhítear ná uraítear an briathar má‘s ainmfhocal baininscneach atá ann ach cuirtear séimhiú roimh ghuta agus uraítear an briathar má tá an t-ainmfhocal san uimhir iolra?? Mar sin, an ceart dom a rá “Tá an Ghaeilge á múineadh i dtíortha éagsúla” ?

    Seadh.
    Ach bí cúramach: le hainmfhocal bhaininscneach, ní “chuirtear séimhiú roimh ghuthaí”, siocair nach féidir séimhiú a chur roimhe ghuthaí: deirtear go gcuirtear h roimhen ghuthaí. Níl baint ar bith eadar an h sin agus séimhiú (cha dtarlann siad ins na cásannaí céarna ar chor ar bith). Amannaí teagascann na múinteoirí gur séimhiú ar ghuthaí atá ann ach níl sé ceart agus dá dheasca sin ghníonn na foghlaimeoirí meancógaí!

    Le fírinne, leis an “á” sin roimhe ainm bhriathartha, úsáidtear na rialacha céarna agus leis an aidiacht shealbhach:

    – séimhiú ar chonsan más ainmfhocal firinscneach uathadh atá ann
    – h a chur roimhe ghuthaí más ainmfhocal baininscneach uathadh atá ann
    – urú más ainmfhocal iolradh atá ann

    mar sin :

    a charr (his carr) & tá mé á thabhairt (I am taking him)
    a carr (her carr) & tá mé á tabhairt (I am taking her)
    a gcarr (their carr) & tá mé á dtabhairt (I am taking them)

    #40423
    Dalta_seán
    Participant

    Maith agaibh. Tá an stuif thuas an-suimiúil ar fad. Is sean ceist a bhí agamsa na blianta chomh maith. Beidh mé ag tagairt don THREAD seo arís mar níl an eolas sin i leabhar graiméir agamsa neachtar.

    Sár Thread

    #40440
    mickrua
    Participant

    DE Ghnáth más abairt ghearr atá agat cuirtear an briathar i dtosach na habairte ach más abairt fhada le fochlásál í is minic an briathar in aice deireadh na habairte. i.e Táim ag foghlaim teangacha éagsúla a deirimse ní dhéarfainn choíche – Teangacha éagsúla atá á bhfoghlaim agam . i. Tá Máire ag foghlaim stair na Meánaoise ach teangacha éagsúla atá á bhfoghaim agamsa.

    #40453
    Dalta_seán
    Participant

    Arís maidir le “á”, bhí mé ag smaoineamh siar ar an sean ceist a bhí agam na blianta (mar a luaigh mé thuas). Féach ar seo.

    Rinne mé tae.I made tea
    Bhí tae á dhéanamh agam.I was making tea
    Bhíodh tae á dhéanamh agam.I used to be making tea

    Táim ábalta stuif mar seo a rá san aimsir caite nó gnáth caite agus an briathar a dhéanamh leanúnach le “á”. Sea, ach tá rud eile cosúil leis sin nach bhféidir liom a rá i nGaeilge.

    ________________________.I have been making tea

    Seo é rud a dtagann suas go minic i gcomarsáid agus bím i gcónaí ag iarradh Gaeilge a chur air ach, gan rath. Is chun Gaeilge a chur ar an mBéarla “have been” atáim. Ceapaim gur ceapaire é “have been” den aimsir caite agus den aimsir láithreach i mBéarla, níl fhios agam. Cibé rud atá i “have been”, ba mhaith liom Gaeilge cosúil leis/léi a aimsiú. Ag úsáid “á” nó rud ar bith eile.

    An bhfuil fios ag éinne agaibh?

    #40454
    Jeaicín
    Participant

    Ag déanamh tae a bhíos?
    Táim tar éis (a?) bheith ag déanamh tae [le huair an chloig anuas].

    #40460
    aonghus
    Participant

    Ní thuigim an difear atá á dhéanamh agat idir “have been making” agus “making”.

    Bhí tae á dhéanamh agam.

    Dhéanainn tae tráth [gnáthchaite], ach anois déanaim caife.

    #40471
    Dalta_seán
    Participant

    Go raibh míle maith agat a jeaicín.

    Agus a aonghus, adhmaím nach bhfuil mé féin ró-shoiléir faoin difríocht idir “I was” agus “I have been” ach tá cúpla samplaí agam thíos a thaispeáineann an difríocht (tá súil agam).

    I was waiting for you. I’ve been waiting for you.
    I was eating. I’ve been eating
    I was making. I’ve been making

    Sna samplaí siúd, feicim difríocht idir an céad colún agus an dara colún. Sa céad colún bhí feitheamh/ithe/déanamh á dhéanamh agam san aimsir chaite ach sa dara colún, sea bhí an gníomh á dhéanamh agam san aimsir chaite ach bhí an gníomh ar siúl agam suas go dtí an bomaite seo comh maith.

    Seo é idirdealú a dhéanaim go minic i gcumarsáid Bhéarla agus ba mhaith liom bheith ábalta é a dhéanamh go soiléir i nGaeilge.

    Míle maith agaibh as bhúr gcuid am leis seo.

    #40472
    Lughaidh
    Participant

    I was waiting for you. I’ve been waiting for you.
    I was eating. I’ve been eating
    I was making. I’ve been making

    Sna samplaí siúd, feicim difríocht idir an céad colún agus an dara colún. Sa céad colún bhí feitheamh/ithe/déanamh á dhéanamh agam san aimsir chaite ach sa dara colún, sea bhí an gníomh á dhéanamh agam san aimsir chaite ach bhí an gníomh ar siúl agam suas go dtí an bomaite seo comh maith.

    Seo é idirdealú a dhéanaim go minic i gcumarsáid Bhéarla agus ba mhaith liom bheith ábalta é a dhéanamh go soiléir i nGaeilge.

    Tuigim ach amannaì nì fèidir na hidirdhealaìocha céarna a dhéanamh in achan teangaidh. Tà còras na n-aimsirì i bhfad nìos simplì i nGaeilg nà i mBéarla (agus tà teangthacha ann nach bhfuil ach aimsir chaite amhàin acu, agus tà teangthacha ann nach bhfuil foirm speisialta ar bith leis an aimsir fhàistineach a chur in ùil!).

    Cibé ar bith, nìl aidiacht bhriathartha ar bith aigen bhriathar “tà”. Cha dtig leat “been” a dh’athrù.
    D’aistreochainnse an dà cholùn leis an abairt chéarna:
    Bhì mè ag fanacht leat.
    Bhì mè ag ithe.
    Bhì mè ag dèanamh.

    ach thig leat dobhriathar nò rud ineacht eile i ndiaidh ‘n bhriathair, le teisteàint go bhfuil aspect ar leith ann.

    #40473
    Jeaicín
    Participant

    I was waiting for you. [ Bhíos ag fanacht ort ]
    I’ve been waiting for you. [ Táim tar éis fanacht ort (anseo le huair a chloig anuas. Cad a chuir moill ort?)

    I was eating (when you spoke to me). [ Bhíos ag ithe (nuair a labhair tú liom). ]
    I’ve been eating (for an hour. I have eaten enough.) [ Táim tar éis bheith ag ithe (le huair a chloig anuas. Tá mo dhóthain ite agam.)]

    I was making (a cake). [ Bhíos ag déanamh (císte mils). ]
    I’ve been making (a cake for an hour without success). [ Táim tar éis bheith ag déanamh (císte milis le huair a chloig anuas gan toradh.) ]

    Bhíos = bhí mé

    #40474
    Dalta_seán
    Participant

    Céad míle maith agaibh a jeaicín & a lughaidh. Sár freagraí ar fad.

    #40475
    aonghus
    Participant

    Nó, mar shampla:

    Ag fanacht leat a bhíos

Viewing 14 posts - 1 through 14 (of 14 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.