Is fada ann lá nach bhfuilim ar an gclár plé seo, agus seans nach bhfuil a fhios agat cé mise. Maraon leis an obair a dhéanaim ag http://www.scoilgaeilge.org (agus araile), is eagarthóir ar An Gael mé. Irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge sin: http://angaelmagazine.com/
Mura bhfuil aithne agat ar an iris, seans go mbeadh ionadh ort go bhfuil a leithéid ann, a foilsítear lasmuigh d’Éirinn. Bíonn léitheoirí (agus scríbhneoirí) nua uainn i gcónaí! Seo liosta na ndaoine a scríobh dúinn go fóill: http://angaelmagazine.com/inneacs/udair_liosta.asp
Táimid ar Facebook anois (http://www.facebook.com/AnGaelIrisleabharIdirnaisiuntaNaGaeilge), freisin, má tá suim agat in a leithéid. Beidh eagrán nua ar fáil faoi cheann tamaill bhig, le cúnamh Dé. Bíonn gach eagrán (tá 16 eile) ar fáil i gcónaí, i gcló nó mar leagan digiteach.
Slán agus beannacht,
Séamas