An Gairdín / Practise

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • Author
    Posts
  • #36239
    Séril Báicéir
    Participant

    Bhí sé ag cur báistí ar maidin seo, ach anois, tá sé álainn amuigh. Tá an spéir gorm arís, agus tá na crainn glás agus lán de duilleoga. Níl sé fuar inniu, ar a laghad. Áfach, táim ag obair laistigh go dtí a seacht a chlog i.n. Is maith liom a bheith ag obair amuigh sa gairdín. Tá trátaí, miontas, sáiste, agus mealbhacáin agam sa gairdín agus tá siad ag fás go tapa sa aimsir te seo.

    An bhfuil gairdín agaibh? Cad é a fás agaibh?

    #41725
    aonghus
    Participant

    Maith thú: cúpla mionrud:

    glas (gan fada)

    Cad atá á fás agaibh?

    Agus ní gnách abairt a thosú le Áfach.

    Tá gairdín againn ach is fuath liom garraíodóireacht. mar sin, is mó fiaile ná aon rud eile ag fás ann!

    #41728
    Lughaidh
    Participant

    Cad atá á fás agaibh?

    should be :
    cad atà à fhàs agaibh

    because by default, the thing that is refered to is masculine (cf. cad atà à dhèanamh agat)

    #41731
    aonghus
    Participant

    Ceart agat Lughaidh.

    Maidir le:

    Bhí sé ag cur báistí ar maidin seo

    Níl gá le “seo” sa chás seo.

    Bhí sé ag cur báistí ar maidin

    Bhí sé ag cur báistí ar maidin inniu

    #41767
    Séril Báicéir
    Participant

    Go raibh maith agaibh, a Aonghuis agus a Lughaidh!

    “Cad atá á fhás agaibh?” does make more sense. Questions still give me a bit of trouble in that way. And I’m glad to know sentences usually aren’t begun with “áfach” like they would be in English with “however”. Thanks for that tip.

    A Aonghuis, tá brón orm go bhfuil fiailí ag do ghairdín, ach b’fhéidir a beidh bláthanna ag na fiailí. 🙂 An maith leat a dhéanamh rudaí eile amuigh? (Tá siúl agam go scríobh mé céist sin i gceart.)

    #41768
    aonghus
    Participant

    An maith liom rudaí eile a dhéanamh amuigh?

    Is maith, nuair nach mbíonn orm cromadh! Is maith liom siúl ar na cnoic. Is maith liom na bláthanna fiáine ach ní maith liom na driseacha sa ghairdín, ná ní maith liom na fiailí leathan-dhuilleacha a phlúchann an léana. Agus maidir le caonach …

    #41779
    Séril Báicéir
    Participant

    Ní maith leat caonach, a Aonghuis? Bainim úsáid as caonach i m’imfhálú froig, agus sa chlós, tá sé bog faoi mo chosa. 🙂

    Ní maith liom na driseacha freisin, ach is maith liom na sméara dubha….

    Táim i mo chónaí in aice leo na cnoic freisin, agus tá siad go hálainn. An ceapann tú go bhfuil na cnoic go hálainn in Éirinn? Siúlann m’fhear céile agus mé ar na cnoic sa samhradh.

    Cuirim uisce ar mo phlandaí gach lá, agus tá siad ag fás go maith, ach tá an féar agus na fiailí ag fás go maith freisin. Tá de dhíth orainn an léana a ghearradh go luath!

    #41829
    aonghus
    Participant

    Is breá liom caonach, ach ní sa léana!

    #41846
    Séril Báicéir
    Participant

    Is fíor é, a Aonghuis!

Viewing 9 posts - 1 through 9 (of 9 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.