Ba mhaith liom an dán seo a roinnt libh a thugann faoiseamh dom ó bhrú mo smaointe dubha. Samhlaímse féin go láidir leis an Díreánach ar chúis éigin, cé nach bhfuil cosúlacht mhór idir an dá shaol againn. Bainigí sult as!
An Ní a Bhí Álainn
Aréir i m’aonar is ea bhíos
Ag siúl dom trí ghleann ciúin uaigneach
Mo cheann a bhí cromtha síos
Ag machnamh dom go dian
Ar fhadhbanna casta cráite
Mo cheann a d’ardíos aníos
Gur fhéachas romham amach
Is gur dhearcas an ní a bhí álainn
Idir mé is léas agus gan ann ach é féin
Bhí crann beag craobhach bláthmhar
Mo bhuíochas dhuit, a chrainn
A scar mé ó mo phéin
Is a chuir ar mo chroí istigh
Áthas seal
Ach míle altú anois is choíche
Is céad moladh de ló is d’oiche
Leis an tÉ a chruthaigh an chré
As ar fhás tú