Is iad ‘ar feadh trí lá’ agus ‘ar feadh dhá sheachtain’ (nó níos fearr fós, ‘ar feadh coicíse’) na leaganacha ceart. Ní bhaintear úsáid as an nginideach, mar gheall air go bhfuil an focal ‘lá’ á cháiliú ag focal eile, i.e. ‘trí’. Sampla eile: ‘feicfidh mé tú i gceann cúpla lá’, áit a bhfuil ‘cúpla’ ina cháilitheoir. Mura mbeadh aon cháiliú i gceist, chuirfí an tuiseal ginideach ann, m.sh. ‘i gceann lae’ nó ‘ar feadh míosa’.