Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › ‘Arm’ i nGaeilge?
- This topic has 11 replies, 1 voice, and was last updated 4 years, 3 months ago by
Héilics Órbhuí.
-
AuthorPosts
-
May 16, 2019 at 7:19 pm #37058
purplewhiteman
ParticipantFeicim go n-úsáidtear an focal ‘sciathán’ níos mó mar ‘wing’ i nGaeilge cé go n-úsáidtear é uaireanta mar ‘arm’ ach níos minice is cosúil go n-úsáidtear ‘lámh’ i nGaeilge chun an focal ‘arm’ a rá ach ach is é ‘lámh’ an focal chun ‘hand’ a rá chomh maith.
Mar sin, bíonn an t-idirdhealú (the distinction) caillte agus, dá bhrí sin, tá sé mearbhallach do chainteoir dúchais Béarla mar mise agus mar sin b’fhearr liom focal difriúil a úsáid le bheith chomh sainiúil agus is féidir. Má úsáidaim ‘sciathán’ in ionad ‘lámh’ chun ‘arm’ a rá, an aistreoidh sé i gceart?
May 16, 2019 at 8:49 pm #46351Labhrás

Cad faoi géag láimhe?
May 17, 2019 at 7:06 pm #46353purplewhiteman
ParticipantAr chuala tú ‘géag láimhe’ úsáidte i gcomhrá nó ar léigh tú i gcló é? Agus cad é do thuairim faoi ‘sciathán’ a úsáid?
May 20, 2019 at 3:26 pm #46359Labhrás
ParticipantAr chuala tú ‘géag láimhe’ úsáidte i gcomhrá nó ar léigh tú i gcló é? Agus cad é do thuairim faoi ‘sciathán’ a úsáid?
Níl tuairim ar bith faoi agam. Ní chuala mé ná léigh mé “sciathán”.
May 21, 2019 at 8:03 am #46360Onuvanja
ParticipantNí hiondúil “hand” agus “arm” a dhealú ó chéile i nGaeilge, “lámh” a thugtar ar an dá rud. Seans go mbeadh ciall ní bá chúinge le “sciathán”, ach níl mé róchinnte faoi sin (féach Foclóir Uí Dhuinnín “sciathán” – wing; hand; arm). I gcanúint Uladh a úsáidtear an focal sin le “lámh” a chur in iúl (cosúil le “gaosán” in áit “srón”), mar sin ba cheart ceist a chur ar Lughaidh agus ar na na baill eile a bhfuil cur amach níos fearr acu ar an gcanúint.
May 24, 2019 at 11:41 pm #46362Lughaidh
ParticipantIs é “sciathán” an focal Conallach le “arm” a ráidht. Ciallann sé “wing” i gcanamhaintí eile, ach i dTír Chonaill úsáidtear “eiteóg” le “wing” a ráidht…
May 28, 2019 at 7:35 pm #46364Héilics Órbhuí
ParticipantDar liomsa, is annamh nach bhfuil sé sách soiléir ón gcomhthéacs céard atá i gceist le ‘lámh’ (‘arm’ nó ‘hand’). Agus is amhlaidh an focal ‘cos’, chomh maith (‘foot’ agus ‘leg’).
May 28, 2019 at 7:59 pm #46365Lughaidh
ParticipantDar liomsa, is annamh nach bhfuil sé sách soiléir ón gcomhthéacs céard atá i gceist le ‘lámh’ (‘arm’ nó ‘hand’). Agus is amhlaidh an focal ‘cos’, chomh maith (‘foot’ agus ‘leg’).
is annamh? Má deireann tú “ghortaigh mé mo lámh” nó “tá mo lámh nimhneach” nó “bhris mé mo lámh”… ní fios goidé atá i gceist.
May 30, 2019 at 6:33 pm #46367purplewhiteman
ParticipantDar liomsa, is annamh nach bhfuil sé sách soiléir ón gcomhthéacs céard atá i gceist le ‘lámh’ (‘arm’ nó ‘hand’). Agus is amhlaidh an focal ‘cos’, chomh maith (‘foot’ agus ‘leg’).
is annamh? Má deireann tú “ghortaigh mé mo lámh” nó “tá mo lámh nimhneach” nó “bhris mé mo lámh”… ní fios goidé atá i gceist.
Pointe iontach a Lughaidh.
June 2, 2019 at 1:02 pm #46369Onuvanja
ParticipantFair enough, but that’s only true if you come from a reference system which distinguishes between ‘hand’ and ‘arm’ (or ‘main’ and ‘bras’, to take French as an example). Speakers of Irish or Russian wouldn’t regard ‘lámh’ or ‘ruka’ to be ambiguous, because according to the way they see the world, the upper limb is a whole, rather than made up of two separate parts … 🙂 If need be, they could always specify which part of ‘lámh’ they meant, e.g. ‘méar’, ‘bos’, ‘uilinn’, ‘uachtar na láimhe’ etc.
June 2, 2019 at 1:05 pm #46370Onuvanja
ParticipantGabhaigí mo leithscéal, tugaim faoi deara anois gur as Béarla a scríobh mé…
June 16, 2019 at 9:56 pm #46385Héilics Órbhuí
ParticipantDar liomsa, is annamh nach bhfuil sé sách soiléir ón gcomhthéacs céard atá i gceist le ‘lámh’ (‘arm’ nó ‘hand’). Agus is amhlaidh an focal ‘cos’, chomh maith (‘foot’ agus ‘leg’).
is annamh? Má deireann tú “ghortaigh mé mo lámh” nó “tá mo lámh nimhneach” nó “bhris mé mo lámh”… ní fios goidé atá i gceist.
Is annamh. Ní chiallaíonn “annamh” nach bhfuil cás ar bith nach bhfuil sé soiléir. Cheapfainn go dtuigfeá é sin.
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.