Articles on ‘Cruinneas’

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Articles on ‘Cruinneas’

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #36400
    Gaelscéal
    Participant
    #42826
    Onuvanja
    Participant

    Sa gcéad cheann de na hailt atá luaite thuas, maíonn Antain Mac Lochlainn nach ceart an focal “with” a aistriú le “le” i gcónaí faoi thionchar an Bhéarla. Seo é an sampla a thugann sé:

    “With the Coalition leaders at loggerheads, the Opposition parties are seeking a General Election.”
    “Le ceannairí an Chomhrialtais in adharca a chéile, tá páirtithe an Fhreasúra ag iarraidh Olltoghcháin.”

    In áit “le”, séard a mholann sé ná úsáid a bhaint as “agus”, rud a bheadh níos nádúrtha sa nGaeilge:

    “Agus ceannairí an Chomhrialtais in adharca a chéile, tá páirtithe an Fhreasúra ag iarraidh Olltoghcháin.”

    Ach nach sa dara leath den abairt a chuirtear an “agus” sin go hiondúil? “Thit sé agus é ag teacht anuas an staighre” a bheadh agamsa, ach ní déarfainn “Agus é ag teacht anuas an staighre, thit sé”… Níl a fhios ‘am. B’fhéidir gur cuma cén áit a gcuirtear an “agus”, i dtosach na habairte nó sa dara leath? An mbeadh éinne in ann é a mhíniú dhom, a chairde?

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.