Tá mé ag déanamh gur “a rá” a ba cheart a úsáid agus an cuspóir ag teacht roimh an mbriathar san abairt. Ach ós rud é go mbíonn an litir “g” tostach sa bhfocal “ag” sa gcás seo go minic, tá sé éasca “ag” agus “a” a mheascadh suas.
Seo í an riail a thugtar in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí:
•nuair atá an cuspóir ina réamhtheachtaí don chlásal ina bhfuil a ainm briathartha:
nach deas an obair atá Cáit a dhéanamh? céard a chuala tú Beairtle a chanadh?