Rinne mise ‘s DeddMannZedd leagan Gaeilge den ghreannán “Blacksad” agus is féidir libh é a íoslódáil anseo: [url=https://www.dropbox.com/s/33u8i7tgcv2g8no/Blacksad Imleabhar 1 – Caillte i measc scáthanna.pdf?dl=0]Blacksad Imleabhar I[/url]
Ach nílimid inár gcainteoirí dúchais agus táimid ag lorg ar aistritheoirí is eagarthóirí eile chun ár dtogra a chabhrú.
Ba mhaith linn leagan Gaeilge a chruthú ‘s a chur le rudaí eile go leor – m.sh. greannáin eile, cláir theilifíse, cláir chartúin, ‘s tá na scripteanna scríofa againn cheana féin do chláir dhifriúla ó Rick & Morty go Futurama.
Faoi láthair níl ann ach muidne beirt ag obair, mar sin ní féidir linn ach forás mall a dhéanamh ar togra amháin ag an am céanna. Má gheobhaimid níos mó duine inár bhfoireann, beimid ábalta tograí a chríochnú níos tapa ná is féidir linn anois, ‘s tograí níos iontaí a thosú chomh maith.
Má tá súim agaibh dár gcabhrú, seol r-phost chugam ag brian@oireas.com
Is cuma linn ar an leibhéal Gaeilge atá agaibh, ‘s í bhur súim í atá is tábhachtai dúinn.