Fáilte (Welcome) › Forums › General Discussion (Irish and English) › “BE” + “MY”
- This topic has 11 replies, 1 voice, and was last updated 9 years, 10 months ago by
Cúnla.
-
AuthorPosts
-
November 14, 2013 at 10:56 am #36642
Onuvanja
ParticipantIs féidir a rá “is thusa mo mhúinteoir” (“you are my teacher”), ach cén chaoi a ndéarfá “Be my teacher!” agus a leithéid? An féidir úsáid a bhaint an an modh ordaitheach leis an gcopail ar chor ar bith? Tuairim ar bith ag éinne?
November 14, 2013 at 6:56 pm #44804Labhrás
ParticipantIs féidir a rá “is thusa mo mhúinteoir” (“you are my teacher”), ach cén chaoi a ndéarfá “Be my teacher!” agus a leithéid? An féidir úsáid a bhaint an an modh ordaitheach leis an gcopail ar chor ar bith? Tuairim ar bith ag éinne?
You are my teacher. = Is tusa mo mhúinteoir. (tusa gan séimhiú)
Níl modh ordaitheach ag an gcopail. Ní mór “bí” a úsáid, mar sin.
Be my teacher! = Bí i mo mhúinteoirse!
November 14, 2013 at 7:43 pm #44805Onuvanja
ParticipantGRMA, a Labhráis! Cheap mé ar an struchtúr sin, ach ní raibh mé cinnte faoi. Maidir le “tusa”/”thusa”, tá an dá fhoirm ann, ceapaim, ar an laghad i nGaeilge Chonamara.
November 14, 2013 at 11:26 pm #44807Hugo
ParticipantBe my teacher – Bí mar mhúinteoir agam/Bí i do mhúinteoir agam. Ní shilim gur féidir “Bí i mo mhúinteoir” a rá.
November 15, 2013 at 8:34 am #44808Onuvanja
ParticipantBe my teacher – Bí mar mhúinteoir agam/Bí i do mhúinteoir agam.
Go díreach, a Hugo! Bheadh an chéad cheann agam féin freisin, ach an bhfuil tú lánchinnte den dara ceann? D’fhéadfá a rá “bhí sé ina uachtarán ar an gcumann”, ach caithfidh mé a admháil nár tháinig mé ar “Bí i do mhúinteoir agam” ariamh…
Bhuel, is dócha nach ‘in é an bealach is nádurtha lena leithéid a chur in iúl i nGaeilge, mar gheall air gur féidir an scéal a réiteach ar bhealach eile, m. sh. “Bí do mo threorú” in áit “Bí mar threoraí agam”, ach mar sin féin, tá an cheist seo do mo chrá.
November 15, 2013 at 6:07 pm #44809Labhrás
ParticipantBe my teacher – Bí mar mhúinteoir agam/Bí i do mhúinteoir agam. Ní shilim gur féidir “Bí i mo mhúinteoir” a rá.
Ó, tá an ceart agat, ar ndóigh.
November 18, 2013 at 10:26 pm #44813Lughaidh
Participant‘S dócha go dtig an chopail ins an mhodh foshuiteach a dh’úsáid fosta:
Gura tusa mo mhúinteoir!
May you be my teacher!November 20, 2013 at 8:39 am #44814Onuvanja
ParticipantGRMA, a Lughaidh. Nach ait an rud é nach bhfuil aon mhúnla eile ann seachas na cinn atá luaite thuas.
November 20, 2013 at 10:23 pm #44815Cúnla
ParticipantTuige nach n-abrófá “múin mé,” “múin thú féin mé”…
November 20, 2013 at 10:31 pm #44816Lughaidh
Participantnó bí a m’fhoghlaim?… 🙂
November 21, 2013 at 9:07 am #44817Onuvanja
ParticipantTuige nach n-abrófá “múin mé,” “múin thú féin mé”…
Cinnte, tá a fhios agam go maith go raibh cuma beagáinín saorga ar mo cheist agus go bhféadfaí athfhriotal a dhéanamh ar an abairt ach an briathar a úsáid. Ach séard a bhí uaim ná a fháil amach an féidir an réiteach sin a sheachaint. 🙂
Ní minic a deirtear “Be my teacher” ná “Sois mon professeur” ná “Sei mein Lehrer” sna teangacha eile ach an oiread, is dócha, ach mar sin féin, tá an múnla sin ann. D’fhéadfá a rá nach ionann an chopail agus gnáthbhriathra na teangacha úd, ach is féidir an rud céanna a dhéanamh sa Rúisis, cuir i gcás, agus sin teanga a bhaineann úsáid as an gcopail. Mar sin, tá an chosúlacht ar an scéal gurb eisceacht í an Ghaeilge.
November 22, 2013 at 10:36 pm #44819Cúnla
Participant“Gura tú mo mhúinteoir,” mar sin, mar adúirt Lughaidh.
-
AuthorPosts
- You must be logged in to reply to this topic.