Is é an difear ná nach bhfuil “dún suas” sa gcaint, go bhfios dom. “Dún do chlab” nóÂ “dún do bhéal” mar a deir tú.
Deirtear “dún suas” i nGaeilge Chonnacht
m. sh.:
Dún suas do chlab anois agus ith suas an seanbhrochán (“Banríon Álainn an Líonáin” le Micheál Ó Conghaile)
Dún suas , a dheaide , agus ná bí do mo chraiceáil (“Filíocht agus Feannadh” le Cóil Learaí Ó Finneadha)
As ucht Dé ort agus dún suas do chlab mór nó cuirfidh mé fata siar ann .(“Sna Fir” le Micheál Ó Conghaile)
Dún suas. Níl an giúmar orm . (“Sách Sean agus Scéalta Eile” le Micheál Ó Conghaile)
Airiú dún suas do chlab! (“Téada Dúchais”; Máirtín Ó Briain agus Pádraig Ó Héalaí a chuir in eagar)
agus ba bheag nár dhúirt mé dún suas. (“Deoir Ghoirt an Deoraí” le Colm Ó Ceallaigh)
Dún suas , a chladhaire , agus ná habair nár chuala tú caint ar Phlapa Stróicthe , ar chuala ? (“Tórramh an Bhardail” le Colm Learaí Ó Finneadha)