Beidh mé sa gCeathrú Rua le haghaidh an Dianchúrsa, Mí Lúnasa 18-22

Fáilte (Welcome) Forums General Discussion (Irish and English) Beidh mé sa gCeathrú Rua le haghaidh an Dianchúrsa, Mí Lúnasa 18-22

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • Author
    Posts
  • #36761
    Héilics Órbhuí
    Participant

    After all my years of studying Irish, this will be my first actual opportunity to really speak the language. Getting excited and a bit nervous. I feel pretty confident in my reading abilities but have only ever had one short barely-conversation with someone in the language. I speak a fair amount to myself, so I know I can speak, and think my pronunciation is pretty good, but being asked to speak spontaneously about a range of topics will probably be difficult for me at first without speaking somewhat hesitatingly. I wonder how much of a disadvantage I will be at as an American having had no real contact with the language through my life. Not sure what percentage of the other students will be Irish. Anyone else here ever taken the class?

    #45406
    Onuvanja
    Participant

    Tá mé in éad leat, a Héilics! 🙂 Ná bíodh imní ort. Seans go mbeidh deacrachtaí agat ar dtús agus tú ag iarraidh thú féin a chur in iúl, ach tiocfaidh feabhas ar do chuid Gaeilge labhartha gan mórán achair, mar beidh neart deiseanna agat comhrá a dhéanamh leis an dream eile ar an gcúrsa, go háirithe taobh amuigh den tseomra ranga. Beidh sé sin ina chuidiú mhór dhuit. Mar sin, molaim dhuit do chuid leabhartha gramadaí a chaitheamh uait agus leas a bhaint as na himeachtaí sóiseálta a bheas ar siúl. Tá mé cinnte go gcuirfidh na comrádaí eile fáilte agus fiche romhat agus spreagfaidh siad chun cainte thú lena fháil amach cé thú féin agus cén fáth a bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge. 🙂 Rud eile de, má chasann tú uirlis ceoil, tabhair leat í agus beidh tuilleadh deiseanna agat cairde a dhéanamh nó páirt a ghlacadh i séisiún! Bhí mé féin ar chúrsa seachtaine do mhic léinn ar an gCeathrú Rua blianta ó shin agus bhain mé an-taithneamh as. Tá an ceantar sin go hálainn ar fad.

    #45407
    Héilics Órbhuí
    Participant

    Tá sé go hiontach gur bhain tú an méid sin taitnimh as an gcúrsa! Táím ag iarraidh gan a bheith ró-neirbhíseach. Tá fadhbanna agam leis an imní i gcoitinne – tagann taomanna scaoil fúm scaití, ach is maith liom dúshlán a bheith agam freisin 😉 Tá beagán faitíos orm go ndéanfaidh mé baileabhair díom féin ach is dóigh go mbeidh muid inár bhfoghlaimeoirí uilig.

    Seinim roinnt uirlisí ceoil agus bím fós i mo mharana faoi sin – ar an taobh amháin, bheadh an-fhonn orm páirt a ghlacadh i seisiún ach ar an taobh eile is fuath liom seiceáil bagáiste, b’fhearr liom ar bheagán ualaigh a thaisteal 😉 B’fhéidir go ligfí uirlis ar iasacht dom ar feadh tamaill, ach níl mé ag iarraidh a bheith i mo theallaire ó thaobh de ach an oiread.

Viewing 3 posts - 1 through 3 (of 3 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.