Cabhair de dhíth orm le haistriúchán

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Cabhair de dhíth orm le haistriúchán

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • Author
    Posts
  • #36582
    ruairí
    Participant

    Dia dhaoibh uilig. Táim ag aistriú scéal a bhailigh an Coimisiún Béaloideas Éireann ó athair athar mo sheanathar sna tríochaidí. Tá cabhair de dhíth orm le haistriú dhá abairte an scéil seo. Tá cúpla focal ann a litríodh mar a fhuaimníodh iad is cosúil.

    Achoimre an scéil go dtí na habairtí seo:
    Tháinig neach ag fear a d’inis dó dá rachadh sé chuig an droichead seo agus trí lá a chaitheamh air go bhfaigheadh sé a shaibhreas. Chuaigh agus bhuail sé le fear ar an droichead a d’inis dó gur tháinig neach aigesean freisin agus go bhfaigheadh seisean a shaibhreas dá rachadh sé go dtí teach eicínt.

    Sliocht den scéal. Ar dtús mar atá ar an tras-scríbhinn agus mo iarracht é a aistriú go Gaeilge caighdeánach thar a héis agus Béarla ar deireadh.

    An dara fear ag labhairt:

    “Ó well, tuigim (tigim),” ars an fear. “Á, a ḋuine gan Ä‹éill!” ar seisean, “tá sé cúig ná sé go ḃlianta ó ṡoin,” ar seisean, “ó ṫainic neaÄ‹ ugum-sa-
    ḋá mbéinn ag teaÄ‹ á¹€ac á¹€aicín i n-Iorrus go ḃfúiÄ¡inn mo ṡaiḃreas (ṡevras) ag bun crainn ḃí ar taoḃ (tuíú) eile gon teaÄ‹. Agus ní ṫeaÄ‹a mé aríú
    ar a* lorg,” ar seisean, “⁊ tá mé barúlaÄ‹ go mb’ḟéidir gur b’é an rud céanna d’éireóÄ‹ú duit-se.”

    “Ó bhuel, tuigim,” arsa an fear. “Á, a dhuine gan chéill!” ar seisean, “tá sé cúig nó sé go bhlianta ó shin,” ar seisean, “ó tháinig neach agamsa- dá mbeinn ag teach Mhac Mhaicín in Iorras go fhaighinn mo shaibhreas ag bun crainn a bhí ar an taobh eile don teach. Agus (ní dheachaigh/ní fhaca/ní thiocfadh) mé riamh ar a lorg,” ar seisean, “agus tá mé barúlach gurbh fhéidir gurbh é an rud céanna a d’éireodh duitse.”

    “Oh, I understand,” said the man. “Oh, have some sense!” said he, “Five or six years ago I had a premonition that if I were to go to the house of McMacken In Erris, I would find my fortune at the base of a tree at the back of the house, but I never (went searching for it)/(saw a sign of it).” he said, “and it’s my opinion that it (was/would be) possible that it (was/would be) the same thing that (would/could) happen to you.”

    “Agus ní ṫeaÄ‹a mé aríú ar a* lorg”

    Tá amhras orm faoin aistriúchán: “ní theacha” -> “ní dheachaigh”.

    Tá fuaimeanna cosúila ag “ní thiocfadh” agus “ní fhaca”. An bhfuil sé ag rá nár chuardaigh sé é nó nach raibh sé in ann é a aimsiú?

    “…tá mé barúlach gurbh fhéidir gurbh é an rud céanna a d’éireodh duitse.”

    An raibh sé ag rá gur rudaí coitianta na haislingí seo agus gan bac leo,

    nó ag rá gur cheap sé go ndéanfadh an chéad fhear an rud céanna a rinne sé féin agus neamhaird a dhéanamh ar an neach

    nó gur cheap sé go dtarlódh an rud céanna don chéad fhear mar a tharla dó féin dá rachadh sé á lorg agus nach bhféadfadh sé é a aimsiú?

    Míle buíochas as aon chabhair.

    #44157
    Cúnla
    Participant

    Tá an leagan sin den fhréimh, .i. {teacha(igh)}, ann. Tá samplaí de sa g[url=http://corpas.focloir.ie/]corpas[/url]. Cf. freisin “cha dteachaigh” (= “ní dheachaigh”) ⁊rl. i nGaeilge Thír Chonaill…

    #44159
    ruairí
    Participant

    Go raibh maith agat. Táim sásta leis sin. Aon tuairim faoin dara ceann?

    #44161
    Onuvanja
    Participant

    … cheap sé go dtarlódh an rud céanna don chéad fhear mar a tharla dó féin dá rachadh sé á lorg agus nach bhféadfadh sé é a aimsiú?

    Sin é an chaoi a dtuigfinn féin é, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm.

    Maidir leis an gcuid eile den scéal, d’fhéadfá “(taobh eile) den teach” a scríobh in áit “don teach”, má tá tú ag iarraidh a bheith caighdeánach. 🙂

    Tá cuma spéisiúil ar an scéal ó thaobh na canúna de. Don chuid is mó, tá sé cosúil le Gaeilge Chonamara, ach ag an am céanna, tá foirmeacha ann ar nós “d’éireodhadh”.

    #44162
    aonghus
    Participant

    Más buan mo chuimhne, sé pointe an scéil ná gurbh é an fear a bhfuil sé ag labhairt leis fear an tí ina bhfuil an taisce?

    #44213
    ruairí
    Participant

    Dia dhuit a Onuvanja. Cheapfainn an rud céanna ach táim cinte anois nach
    ndeachaigh an dara fear ar a lorg. Shocraigh mé ar “I think it
    could be the the same thing that happened to you
    ” mar aistriúchán ar deireadh
    thiar, ach tá sé sách amscaí agus doiléir.

    Go raibh maith agat as ucht an ceartúchán. Níor mhothaigh mé an ceann sin.
    Is é an fáth ar mhian liom an scéal seo a aistriú ná gur iarr
    m’athar orm póstaer a dhéanamh as le haghaidh
    cruinniú i gContae Maigh Eo a eagraíodh mar chuid den Gathering.
    Mar sin, bhí orm Gaeilge caighdeánach a úsáid ionas go mbeadh sé níos éasca le daoine ann é a léamh.

    Ba as Baile Chruaich i gContae Maigh Eo an scéalaí.
    Tháinig slua mór Gael ó Thír Chonnaill ann i 1654.
    Bhí an-tionchair ag Gaeilge Uladh ar an gcanúint is dócha.
    Is ó Thír Chonnaill atá beagnach gach sloinne sa cheantar fós.
    Ba as Conamara an bailitheoir a bhailigh an scéal i 1938.
    Ní dóigh liom go raibh an litriú caighdeánach go hiomlán ar an bhfód thart ar an am sin.
    B’fhéidir gur litrigh sé na focail ar an chaoi a raibh sé cleachtach air ach
    nílim ach ag tomhas.

    Is fíor duit, a Aonghuis. Sin an rud a tharla.

    #44221
    Onuvanja
    Participant

    An-spéisiúil! Go raibh maith agat as an eolas sin, a Ruairí.

    #44227
    LiamO
    Participant

    A Ruairí, cá bhfuil conaí ort féin?

    Mír de Ghaeilge (nó Gaeilg) Bhaile Chruaich le cluinsint anseo, má atá suim agaibh ann:

    http://www.bealbeo.ie/ediphone/931_cuan_modh.html

Viewing 8 posts - 1 through 8 (of 8 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.