Cé acu níos fearr?

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • Author
    Posts
  • #36133
    Séril Báicéir
    Participant

    An níos fearr é a rá “Táim ag ithe mo lón,” nó “Tá mo lón a ithe agam.” An bhfuil sé seo faoi cúrsaí canúint?

    Go raibh maith agaibh!

    Béannachtaí,
    Séril

    #40878
    Onuvanja
    Participant

    A Séril, tá an tuiseal ginideach ag teastáil uait sa gcéad abairt: “tá mé ag ithe mo lóin”. Agus creidim go mba cheart fada a chur ar “a” sa dara habairt: “á ithe agam”. Sin ráite, ceapaim go bhfuil an dá leagan ceart, go bunúsach. Níl a fhios ‘am an mbaineann difríochta canúna leo… B’fhéidir go mbraitheann sé rud beag ar an gcomhthéacs. Cuir i gcás:

    Ceist A: Céard atá tú a dhéanamh? – What are you doing?
    Freagra A: Táim ag ithe mo lóin. – I’m having my lunch.

    Ceist B: Ar ith tú do lón cheana? – Have you already had lunch?
    Freagra B: Tá mo lón á ithe agam anois. – I’m having it right now.

    #40883
    Séril Báicéir
    Participant

    Go raibh maith agat, a Onuvanja. Bhí an céad abairt i Teach Yourself Irish agus bhí an dara habairt i Rosetta Stone Irish.

    #40888
    aonghus
    Participant

    Is túisce a bheadh an dara leagan agam ná an chéad leagan, ach tá siad araon ceart go bhfios dom.

    #40890
    Onuvanja
    Participant

    Tá fáilte romhat, a Séril! Tá mé beagnach cinnte gur meancóga atá ann.

    Seo í an riail:

    1) AG + AINM BRIATHARTHA (ithe, tógáil, tiomáint) + AINMFHOCAL SA nGINIDEACH

    Tá mé ag ithe mo lóin / Bhí siad ag tógáil an tí / Beidh sé ag tiomáint a chairr

    Eisceacht: Más ainmfhocal éiginnte atá i ann, ní gá an tuiseal ginideach a úsáid i gcónaí.

    Bhí siad ag tógáil an tí (THE HOUSE), ach: Bhí siad ag tógáil teach (A HOUSE)

    2) AG + mé, tú, é, í, muid, sibh, siad + AINM BRIATHARTHA

    Tá X + ag + mé + bualadh –> Tá mé do mo bhualadh (ag X) – I am being beaten by X
    Tá X + ag + tú + bualadh –> Tá tú do do bhualadh (ag X) – You are being beaten by X
    Tá X + ag + é + bualadh –> Tá sé á bhualadh (ag X) – It (masc.) is being beaten by X

    Tá X + ag + é + ithe –> Tá sé á ithe (ag X) — It (masc.) is being eaten by X –> Tá mo lón (=sé) á ithe agam

    Bhuel, sin mar atá sé sa gCaighdeán. Tá roinnt difríochta i nGaeilge na Mumhan.

    Tá súil agam go mbeidh sé ina chuidiú agat.

    #40941
    Tuigim
    Participant

    Ceist : Ar ith tú do lón cheana? – Have you already had lunch?
    Freagra A: Tá mo lón á ithe agam anois. – I’m having it right now.
    Freagra B: Níor ith. Tá mé dh’á ithe anois. No. I’m eating it now.

    Cad é an difríocht idir an á agus an dh’á sna freagraí? Céard a chiallaíonn dh san abairt seo?

    #40944
    Onuvanja
    Participant

    Ceist : Ar ith tú do lón cheana? – Have you already had lunch?
    Freagra A: Tá mo lón á ithe agam anois. – I’m having it right now.
    Freagra B: Níor ith. Tá mé dh’á ithe anois. No. I’m eating it now.

    Cad é an difríocht idir an á agus an dh’á sna freagraí? Céard a chiallaíonn dh san abairt seo?

    Is í “á” an fhoirm a mbaintear úsáid aisti sa gCaighdeán, ach tá “dhá” coitianta freisin i gConamara. Níl a fhios ‘am faoi na canúintí eile faraor.

Viewing 7 posts - 1 through 7 (of 7 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.