Sin í an abairt a chonaic mé ar shuíomh idirlín atá ag an Ombudsman Eorpach. Is dócha gurb as an leagan Béarla – Who Can Help You – a d’eascair sí. Ach ní dóigh liom go bhfuil sí ceart ó thaobh na gramadaí de, an bhfuil? Nach mba chóir “Cé a d’fhéadfadh cabhrú liom?” nó rud eicínt mar sin a rá?
Bhuel, b’fhéidir nár tugadh faoi deara é ar chúis eicínt. Bhí an chuid eile den aistriúchán ceart go leor. Ach cinnte, ní bheadh fonn ort leanacht ar aghaidh agus a leithéide de mheancóg feicthe agat ar an gcéad leathanach.