Ceardlann na Múinteoirí, 16 – 17 Feabhra 2014

Fáilte (Welcome) Forums Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) Ceardlann na Múinteoirí, 16 – 17 Feabhra 2014

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • Author
    Posts
  • #36674
    Liam MacGiodaire
    Keymaster

    Ceardlann na Múinteoirí
    16 – 17 Feabhra 2014

    Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach bliain ar son múinteoirí na Gaeilge, agus beidh Ceardlann na Múinteoirí 2014 ar 16 – 17 Feabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá an-áthas orainn i mbliana go mbeidh Eimhear Ní Dhuinn mar stiúrthóir againn, buíochas le tacaíocht lách ón gCoimisiún Fulbright.

    Is Stiúrthóir na Teanglainne agus Acmhainní Foghlama na Nua-Ghaeilge í sa gColáiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath. Tá Eimhear freagrachtach don Siollabas na Teanglainne faoi láthair agus tagann sí tacú leis na mic léinn agus teagascóirí san Ollscoil sin. D’eagraigh sí idir An Dianchúrsa agus Chúrsaí Gaeltachta i nGaoth Dobhair, i gCorca Dhuibhne agus i gConamara. Ba Léachtóir le Gaeilge Labhartha agus Scríofa í ag an gColáiste Oideachais Froebel agus Teagascóir Gaeilge le Bord na Gaeilge i mBaile Átha Cliath chomh maith.

    Tá an-chleachtadh ag Eimhear ag teagasc daltaí ó gach Gaeltacht agus Gaelscoileanna agus bíonn a ranganna beosach agus spreagúil. Déanann sí úsáid as modhanna nua-aimsireach cumarsáide sna ranganna, le ríomhairí agus bog earraí éagsúla chun deis a thabhairt dona daltaí a gcuid Gaeilge a chleactadh agus a fheabhsú.

    Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc thíos.

    http://www.daltai.com/events/594/

    #44937
    Seáinín
    Participant

    Beidh mé ann freisin!

Viewing 2 posts - 1 through 2 (of 2 total)
  • You must be logged in to reply to this topic.